Seanchas Spóirt: Trí déag agus a dó a cuíg déag
Dublin Core
Teideal
Seanchas Spóirt: Trí déag agus a dó a cuíg déag
Ábhar
Stair, Spórt
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An dara bliain deiridh den chogadh a bhí ann. Bhí ciondáil ar beagnach gach earra agus cuimse earraí do-fhaighte. Ní raibh leath-dhosaen carranna sa bparóiste uilig agus formhór na rothar a bhí ann bhíodar caite ina scaoinsí cois claí de dheasca boinn. Bhíodh faire ar an gcladach ar ghaoth ag súil le bruith-fá-thír. An té a n-éireodh meall ruibéir leis - agus bhí corr-cheann ag teacht isteach - bheadh a hocht nó a naoi de phunta agus dhá bhonn Dunlop le fáil aige. B'shin toirtín na haimsire. Ba iad sin blianta na gclogs is an chaife, blianta na mine duibhe is an easba mhóir. Ar a sheans go raibh Cré na Cille dá goradh nó ar thob a ginte.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Mícheál Ó Fatharta
Foinse
Bailiúchán Biseach
Dáta
1979
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Teanga
ga
Cineál
Téacs
Aitheantóir
BI1979A04
Tagairt
Mícheál Ó Fatharta, “Seanchas Spóirt: Trí déag agus a dó a cuíg déag,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 2 Aibreán 2025, https://cartlann.ie/items/show/1964.