Biseach: Eagarfhocal 2001

Dublin Core

Teideal

Biseach: Eagarfhocal 2001

Ábhar

Glór na nGael

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá seanfhocal ann a deir gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus níl aon amhras ann ach go bhfuil an seanfhocal céanna flor i gcás caomhnú na Gaeilge i bParóiste an Chnoic. Murach na dianiarrachtaí atá déanta ag daoine agus ag Coistí deonacha thar na blianta ní bheadh an t-aitheantas seo ó Ghlór na nGael tuillte ag pobal an Chnoic i mbliana. Tuigeann an pobal seo gur acmhainn fíorthábhachtach dúinn í an Ghaeilge agus níl i gceist againn í a thréigean. Tharla sé sin i gceantair eile agus tá cuid de na ceantair sin buailte go dona inniu. Ní aon ualach orainn Gaeilge a thabhairt do na glúine atá ag teacht mar ní féidir linn a thomhais cén caillteanas a bheadh ann dá dtréigfí an teanga anois. Tá go leor buntáistí ag an bpobal seo sa lá atá inniu ann - an cultúr, an ceol, an áilleacht atá timpeall orainn, an glaineacht aeir agus uisce, an caighdeán maireachtála &rl. - níl i gceist againn an seoid is luachmhaire atá againn a chaitheamh le haill.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Coiste Eagarthóireachta Biseach

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2001

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2001A01

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/56ac8c27defbb8dec5a696e7cf2dea4f.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Biseach: Eagarfhocal 2001,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/2049.