Páirc an Chnoic
Dublin Core
Title
Páirc an Chnoic
Subject
Spórt
Description
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Cumann Micheál Breathnach go deireadh, i 1966 -1967, bhí caint ar pháirc a thógáil agus ag cruinniú cinn bhliana 1967 moladh coiste na páirce a chuir le chéile. Tugadh "Coiste na Páirce Teo." ar an gcoiste seo. Sí an aidhm a bhí acu sin ná suíomh a fháil agus páirc a chur ar fáil. San am sin, bhíodh peil dhá imirt ar an gCreach Oileáin sa Samhradh nuair a bhíodh an aimsir go breá. Bhí caint ar pháirc a dhéanamh anseo, agus bóthar a dhéanamh aniar ó bhóthar an Locháin. Ansin fuair an coiste suíomh ó Choimisiún na Talún san áit ina bhfuil Hydro Marine anois. Dhíol an Coiste an suíomh seo le Gaeltarra Éireann, sé sin Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Ag an am sin socraíodh talamh a bhí ag an bparóiste ar an gCnoc a iarraidh ar an Easpag Breathnach, a bhí ina Ardeaspag ar Thuaim ag an am, agus fuair siad 8 n-acra den 11.5 acra talún a bhí ansin.
Creator
Pádhraic Tím ó Conghaile
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2003
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2003A16
Spatial Coverage
An Cnoc
Tagairt
Pádhraic Tím ó Conghaile, “Páirc an Chnoic,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://cartlann.ie/items/show/2101.