Socos
Dublin Core
Teideal
Socos
            Ábhar
Gnó
            Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2003', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba i mí Mheán an Fhómhair na bliana 1994 a tháinig SOCOS Teo. ar an bhfód an chéad lá riamh. Bunaíodh an comhlacht, le seirbhís stáiseanóireachta agus throscán oifige a chur ar fáil i gceantar Chonamara agus sa réigiún máguaird. Ba é Pádraic Ó Concheanainn, a raibh taithí na mblianta aige sa ghnó, a bhí i mbun an chomhlachta. Ba i gColáiste Dara, i mBaile an Tigh Mhóir, a thosaigh an comhlacht, an chéad lá. D'aistrigh siad soir go hEastát Tionscalaíochta na Coille Rua in Aibreán na bliana 1995, tráth a raibh ionad cuí réitithe ag Údarás na Gaeltachta dóibh. De réir a chéile, tháinig méadú ar an ngnó, agus ar an gcomhlacht dá bharr sin, agus chuir Údarás na Gaeltachta breis spáis ar fáil i 1999. 
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
Pádraig Ó Concheanainn
            Foinse
Bailiúchán Biseach
            Dáta
2003
            Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
BI2003A20
            Clúdach Tíreolaíoch
Coill Rua
            Tagairt
Pádraig Ó Concheanainn, “Socos,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 4 Samhain 2025, https://cartlann.ie/items/show/2105.