Meallta ag Coláiste Lurgan

Dublin Core

Title

Meallta ag Coláiste Lurgan

Subject

Coláistí Samhraidh

Description

Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a tháinig mé go Coláiste Lurgan i dtosach mar dhéagóir, 10 mbliana ó shin, bhí mé fíor-neirbhíseach. Bhí mé as baile den chéad uair, ní raibh aithne agam ar dhuine ar bith a bhí ar an gcúrsa agus bhí chuile dhuine ag caint liom i dteanga nár thuig mé mórán de. Ní raibh mé ag iarraidh fiú teacht chun na Gaeltachta, bhí mo thuismitheoirí tar éis áit a fháil dom ón liosta feithimh a bhí ag an gColáiste de bharr gur tharraing duine éigin eile as. Is dóigh liom nár labhair mé mórán sa gcéad tseachtain – bhí eagla orm go labhróinn as Béarla i ngan fhios dom féin agus go gcuirfí abhaile mé!

Creator

Criostóir Mac Dubhaill

Source

Bailiúchán Biseach

Date

2005

Rights

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

BI2005A15

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/5f42380d6ef73a3a877ec71b55ad0686.pdf

Tagairt

Criostóir Mac Dubhaill, “Meallta ag Coláiste Lurgan,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 21, 2024, https://cartlann.ie/items/show/2155.