Filí Bhaile na mBroghach
Dublin Core
Teideal
Filí Bhaile na mBroghach
            Ábhar
Filíocht
            Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. ‘Fágtar ag an bhFilí é,’ nó ‘sin é an chaoi ar chuir an Filí é,’ a chloisfeá go minic ó mhuintir na háite seo againne agus iad i ngeoin chomhrá le chéile ag geata an tséipéil, ag crosbhóthar, ar foscadh ar an bportach ón mbáisteach, ag líonadh leoraí móna, nó ag déanamh uaighe i reilig an Chnoic. Taispeánann an méid sin an meas atá ar Sheosamh Ó Donnchadha (Joe Shéamais Sheáin) mar fhile, agus an mhuinín atá ag a phobal féin as lena gcuid smaointe a chur i bhfocail. Ba mhór an chomaoin ar bhainis nó ar chéilí tí an Filí a bheith i láthair le cúpla ceann dá chuid dánta a rá. 
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
Peadar Mac an Iomaire
            Foinse
Bailiúchán Biseach
            Dáta
2008
            Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
BI2008A13
            Clúdach Tíreolaíoch
Baile na mBroghach
            Tagairt
Peadar Mac an Iomaire, “Filí Bhaile na mBroghach,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 4 Samhain 2025, https://cartlann.ie/items/show/2228.