Nach aoibhinn beatha an scoláire!
Dublin Core
Teideal
Nach aoibhinn beatha an scoláire!
            Ábhar
Oideachas
            Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí bliain eachtrúil, shuimiúil, spreagúil, lomlán le himeachtaí éagsúla againn i Scoil Sailearna i mbliana. Teicneolaíocht an Eolais: Bhí clár bán idirghníomhaíochta nó teilgeoir digiteach againn i ngach seomra ranga den chéad uair i mbliana. Bhain scoláirí agus múinteoirí an-leas, tairbhe agus taitneamh as na háiseanna nua-aimseartha seo. Tá buíochas mór ag gabháil do Mhícheál Ó Foighil (Coláiste Lurgan) a thug trí cinn de chláir bhána idirghníomhaíochta ar iasacht don scoil! Go bhfága Dia an tsláinte aige! Bhain muid úsáid as an gcóras Textaparent den chéad uair i mbliana freisin le tuismitheoirí na scoile a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí na scoile. Ar ndóigh, tá suíomh idirlín ag an scoil anois agus chuile eolas agus scéal nua le fáil ar www.scoilsailearna.ie! 
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
Fearghas Mac Lochlainn
            Foinse
Bailiúchán Biseach
            Dáta
2011
            Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
BI2011A04
            Clúdach Tíreolaíoch
Na hAille
            Tagairt
Fearghas Mac Lochlainn, “Nach aoibhinn beatha an scoláire!,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 4 Samhain 2025, https://cartlann.ie/items/show/2296.