Seansiopaí a bhíodh idir an Spidéal agus Ros an Mhíl

Dublin Core

Title

Seansiopaí a bhíodh idir an Spidéal agus Ros an Mhíl

Subject

Stair, Gnó

Description

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “A nation of shopkeepers’ a thug Napoleon ar an mBreatain. Dúirt daoine gur le drochmheas a dúirt sé é sin, ach dúirt sé féin gurbh iad na siopaí beaga a chuir an Bhreatain chun cinn i saol na tráchtála. D’fhéadfaí an rud céanna a thabhairt ar an tír seo san am a caitheadh. Sa bpíosa seo tá cur síos ar na siopaí a bhí ann idir an Spidéal agus Ros an Mhíl ach nach bhfuil ann níos mó. Bhí siopa nó dhó i chuile bhaile fearainn. Bhí siad ann mar ní raibh carranna ann agus chaithfeadh duine siúl. Bhí go leor daoine i chuile theach agus bhí go leor earraí ag teastáil. Bhí go leor curadóireachta ar siúl. Dhíol na siopaí ar fad mórán na rudaí céanna, tae, siúcra, tobac, snaoisín, milseáin, subh, ola mhór, (pairifín), earraí a theastaigh i chuile theach ach bhí cuid acu a dhíol málaí móra plúir, bran, iasc saillte i mbairillí, suimint, láí, speal, sleán, etc. Bhí siopa i gcuid de na tithe ósta.

Creator

Ruaidhrí Ó Tuairisg

Source

Bailiúchán Biseach

Date

2018

Rights

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

BI2018A03

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/a76eac9835b8d3ab7789210ab6c5b7d7.pdf

Clibeanna

Tagairt

Ruaidhrí Ó Tuairisg, “Seansiopaí a bhíodh idir an Spidéal agus Ros an Mhíl,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 6, 2024, https://cartlann.ie/items/show/2386.