Billeachaí, An Fear agus an Bád
Dublin Core
Teideal
Billeachaí, An Fear agus an Bád
            Ábhar
Stair
            Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An Fear: De réir scéil ba aniar as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua a tháinig Liam Mór ’ac Conghaile go Tóin an Chnoic i Ros an Mhíl, cé gurbh as Leitir Mealláin ó dhúchas é. Ba as Sruthail i gCo. Mhaigh Eo do Julia Acton, an bhean a phós Liam Mór. Tháinig sí mar chailín aimsire ag a dearthair, a bhí ina shagart ar an gCeathrú Rua.. Bhásaigh sí go hóg, in aois a naoi mbliana agus dhá scór, agus tá sí curtha i reilig Mhaighrois ar an mBánrainn, an reilig sin tá in aice le bád agus toibreacha Cholm Cille. Ba col ceathrar Liam Mór agus Páraig Mhicíl a bhí pósta ag Máireóg Deáirbe sa Rinn ar an gCeathrú Rua, agus ba col ceathracha dhó freisin Marcaisín Mhichíl Phádraig, an saothar báid as Cladhnach, agus Tón Mór ’ac Conghaile, captaen an Brig St. John, de réir an tseanchais, cé nach a bhfuil a ainm luaite ar aon cháipéis oifigiúil a bhain leis an mBrig údaí a báthadh amach ó chósta Bhostúin. Lucht farraige agus bádóirí a bhí iontu siúd ar fad.
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
Máirín Mhic Lochlainn
            Foinse
Bailiúchán Biseach
            Dáta
2018
            Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
BI2018A14
            Tagairt
Máirín Mhic Lochlainn, “Billeachaí, An Fear agus an Bád,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 31 Deireadh Fómhair 2025, https://cartlann.ie/items/show/2397.
    