Tigh Johnny Sheáin, Ceannáras Fíbín

Dublin Core

Teideal

Tigh Johnny Sheáin, Ceannáras Fíbín

Ábhar

Gnó, Ealaíon

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Fíbín in 2003 is i seomra codlata i Leithrinn a bhí muid lonnaithe agus thug muid faoi dhráma amháin a dhéanamh, ‘An Gabha agus a Ghasúir’. Níor chreid mé go deo go mbeadh muid, ní hamháin fós anseo agus dhá chomhlacht faoi leith againn (drámaíocht agus teilifís), ach go mbeadh an teach tábhairne cáiliúil Tigh Johnny Sheáin á thógáil ar láimh againn freisin. Cé go gcaithfidh mé a admháil nár ól mé fhéin ann an-mhinic, bhí cáil ar an áit mar gheall ar na daoine a bhíodh ann, Johnny Chóil Mhaidhc ina measc. Craoladh Murphy’s Irish Stout Commercial óna 1990í ann agus atá le fáil ar YouTube fós agus is fiú breathnú air aríst, agus craoladh cláracha ar nós Geantraí ón teach céanna ag tús ré TG4 nó TnaG mar a tugadh air in 1996. Tá an-áthas orainn go mbeidh muid ag cur fúinn sa teach seo faoinar scríobh nó ar chum Johnny Chóil Mhaidce roinnt mhaith drámaí, rannta agus scéalta.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Darach Ó Tuairisg

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2018

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2018A19

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/523c3d23a13d09e8b652d83d996ca4f2.pdf

Clibeanna

Tagairt

Darach Ó Tuairisg, “Tigh Johnny Sheáin, Ceannáras Fíbín,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 16 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2402.