Ó Chois Fharraige go hOileán Leòdhais
Dublin Core
Title
Ó Chois Fharraige go hOileán Leòdhais
Subject
Taisteal, Cultúr
Description
Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is beag a cheap muid ar an gcéad lá de Mheitheamh, agus muid ag caitheamh na leabhra scoile ar an áiléar go ceann roinnt míonna, go dtiocfadh muid ar thuras chomh heachtrúil, ceolmhar agus cultúrtha sin taobh istigh de chúpla seachtain. Bhí samhradh fada, leisciúil, leithleiseach ag síneadh amach romhainn agus muid ag súil go mór leis. Bhí roinnt seachtainí caite againn agus muid ag imeacht le haer an tsaoil nuair a tháinig ár dtuismitheoirí chugainn le scéala go raibh fios curtha orainn go hAlbain. Bhí cinneadh le déanamh faoi dheifir. Gan fios againn cá raibh ár dtriall ná an mbeadh Wifi ná hairdryer san áit, shocraigh muid go dtabharfadh muid faoin eachtra.
Creator
Liadan, Bróna agus Éadaoin
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2018
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2018A28
Tagairt
Liadan, Bróna agus Éadaoin, “Ó Chois Fharraige go hOileán Leòdhais,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 2, 2024, https://cartlann.ie/items/show/2411.