Cill Treasa Ros an Mhíl
Dublin Core
Teideal
Cill Treasa Ros an Mhíl
Cur Síos
Tá stair sách fada ag Cill Treasa, teach pobal cheantar Ros an Mhíl. Nuair a scaradh iad mar phobal eaglasta leis an Tulaigh i nDeoise Thuama 1925, is Tí Sheáinín Chóil Bhig i mBaile Láir a bhailíodh pobal Dé ar an Domhnach. Ag tús na dtríochadaí socraíodh Cill Treasa a thógáil ar shuíomh álainn, ag breathnú siar ar Chuan Chasla. Is leathpharóiste leis an Spidéal é Cill Treasa. Cónaíonn an sagart paróiste sa Spidéal. Nuair a bhásaigh an Canónach McAlliney, S.P. a bhí ar an Spidéil i 1931 tháinig an Canónach Ó Donghaile i gcomharbacht air. Tháinig An tAthair Liam Ó Móráin mar shagart óg go Ros an Mhíl in 1932. De réir na leice atá ar an mballa, osclaíodh Cill Treasa in 1933.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Mairéad Bhiddy Johnny Uí Chonaola
Foinse
Bailiúchán Biseach
Dáta
2019
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Teanga
ga
Cineál
Téacs
Aitheantóir
BI2019A13
Clúdach Tíreolaíoch
Stair, Creideamh
Tagairt
Mairéad Bhiddy Johnny Uí Chonaola, “Cill Treasa Ros an Mhíl,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 21 Meán Fómhair 2024, https://cartlann.ie/items/show/2446.