Beartla Breathnach as Scríb, Camus
Dublin Core
Teideal
Beartla Breathnach as Scríb, Camus
            Ábhar
Cúrsaí Spóirt; Conamara
            Cur Síos
Ba as Scríb, Beartla Breathnach, nó Beartla Pheter Jainín mar a b'fhearr aithne air. Bhí sé pósta le Nain Mháire Bhán agus bhí deichniúr clainne acu. Ba fear é Beartla a raibh cáil bainte amach aige mar lúth-chleasaí. Is ag caitheamh meáchain is mó a bhí cáil air ach bhí craobh na hÉireann bainte amach aige leis an Javelin, Discus chomh maith leis an sé phunt déag agus an leathchéad. Thug sé leis Craobh na hÉireann sna ceithre comórtais seo in aon lá amháin i gCorcaigh. B'iontach an gaisce é agus b'iontach an onóir do Chamus é an bua seo. Chomh maith leo seo bhíodh sé ag caitheamh an Hammer, an leathchéad thar an trasnán, léim ard, léim fhada agus ag rith nuair a bhí sé níos óige agus ba snámhóir maith é freisin.
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
Eagarthóir na hIrise
            Foinse
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
            Dáta
1991
            Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
PL1991A07
            Fad
350
            Clúdach Tíreolaíoch
Géolocalisation
Bailiúchán
Tagairt
Eagarthóir na hIrise, “Beartla Breathnach as Scríb, Camus,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 4 Samhain 2025, https://cartlann.ie/items/show/252.