Eagarfhocal 2000
Dublin Core
Teideal
Eagarfhocal 2000
            Ábhar
An Ghaeilge; An Ghaeltacht
            Cur Síos
Eagraíodh Pléaráca Chonamara don chéad uair i 1991. Ní raibh i gceist ag an am ach an fhéile amháin sin a eagrú, mar fhreagra ar 'Tuarascáil' a réitigh Breandán Ó hEithir do Bhord na Gaeilge ar Stáid Láithreach na Gaeilge. Caint éadóchasach is mó a bhí sa 'tuarascáil', a scríobhadh i bPáras go gairid sara bhfuair Breandán Ó hEithir bás. Ba mhór an chomaoin a chuir an tÁrannach orainn i gConamara, mar gur ghríos an méid a scríobhadh i dTuarascáil Uí Eithir faoin nGaeltacht, na heagraíochtaí pobail i nGaeltacht Chonamara, a theacht le chéile leis an mbréag a thabhairt don méid a cuireadh i leith phobal na Gaeltachta sa tuarascáil. Ba é Pádraig Ó Cosgordha as Carna a mhol féile mhór phobail a eagrú, le imeachtaí ar bun 'ó Bhearna go Carna' lena léiriú don saol mór go raibh Gaeltacht Chonamara beo beathaíoch agus an pobal sásta an saibhreas cultúir agus teanga a cheiliúradh.
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2000
            Foinse
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
            Dáta
2000
            Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
PL2000A01
            Bailiúchán
Tagairt
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2000, “Eagarfhocal 2000,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 31 Deireadh Fómhair 2025, https://cartlann.ie/items/show/395.
    