Séamas Ó Cualáin
Dublin Core
Teideal
Séamas Ó Cualáin
            Ábhar
Stair; Cúrsaí Spóirt
            Cur Síos
Is deacair a rá cén áit ar cheart do dhuine tosú ag caint faoi Shéamas Ó Cualáin nó Séamas Mhicilín mar ab fhearr aithne air. Ba duine fíor chumasach a bhí ann ar go leor bealaí. Chuireas féin aithne mhaith air tar éis dó ballraíocht a ghlacadh i gCoiste na gCurachaí i ndeireadh na seachtóidí. Ba múinteoir bunscoile, scoláire, scríbhneoir cumasach agus léachtaí breá a bhí ann. Ba é a ghlac freagracht ar Chlár Leabhar Aonach Ceoil agus Curachaí ó lár na n'ochtóidí agus ba bheag leisce a bhí air an t-airgead fógraíochta a bhailiú, alt nó dhó a scríobh, an leabhar a chur i dtoll a chéile agus ansin na leabhráin a dhíol sna siopaí ina dhiaidh sin. D'oibrigh sé crua agus bhíodh casán dearg déanta siar chuig Clódóirí Lurgan aige laethanta sul a bhfoilseofaí an leabhrán chun profaí a léamh agus na botúin ghramadaí a cheartú.
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
M.P. Ó Conaola
            Foinse
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
            Dáta
2006
            Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
PL2006A03
            Bailiúchán
Tagairt
M.P. Ó Conaola, “Séamas Ó Cualáin,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 31 Deireadh Fómhair 2025, https://cartlann.ie/items/show/467.
    