Eagarfhocal 2007

Dublin Core

Title

Eagarfhocal 2007

Subject

Oileáin

Description

‘Bí in Éirinn nó in Árainn’ - ceann de chuid mhaith seanráitis faoi Árainn. Bhuel tá Pléaráca in Árainn i mbliana agus an-riméad orainn a bheith ann. Bhíodh roinnt imeachtaí eagraithe in oileáin Árann againn thar na mblianta, is dóigh an ceann is spleodraigh a bhíodh ar bun i gcéad bhlianta na féile, sin é an maratón curach as Conamara isteach chuig na hoileáin. B'iad Guinness a rinne urraíocht ar an imeacht seo agus uair nó dhó tugadh baraille pórtair isteach i gceann de na curachaí. Bhíodh rásaí báid seoil as Ros a Mhíl go hlnis Oírr ar feadh roinnt blianta freisin. Bhíodh an bád seoil An Fámaire ag taisteal thimpeall chósta Chonamara chomh maith agus grúpa ceoltóirí ar bord agus stopadh siadsan in Árainn. Ní raibh an oiread sin imeachtaí dá reáchtáil ar na hoileáin le roinnt blianta agus mar sin tá muid thar a bheith bródúil go bhfuil an fhéile go huile agus go hiomlán dá reáchtáil ar lnis Mór i mbliana.

Creator

An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2007

Source

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Date

2007

Rights

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

PL2007A01

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/359269d0199cac10708a73b6f3f71c76.pdf

Clibeanna

Tagairt

An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2007, “Eagarfhocal 2007,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://cartlann.ie/items/show/476.