Craiceáilte i gConamara!
Teideal
Craiceáilte i gConamara!
Cur Síos
Tá an Cabaret Craiceáilte ag teacht aduaidh go Conamara den chéad uair ariamh ar an Satharn 22 Bealtaine mar chuid d'Fhéile an Phléaráca. Sa bPoitín Stíl a bheidh an oíche spleodrach seo agus tá muid ar bís ag fanacht leis an bhféasta atá na Conallaigh chun a chur ar fáil. Tá aithne ag chuile dhuine ar Rónán Mac Aodha Bhuí, a bhfuil an cabaret seo tugtha le chéile aige. Craoltóir cumasach ar RnaG é, bíonn sé le cloisteáil chuile lá idir 3 agus a 5 agus bíonn an dá uair an chloig sin lán le spraoi, caint, ceol agus mar a thugann sé féin air, réabhlóid! Seo mar a mhíníonn Rónán an Cabaret Craiceáilte: ‘réabhlóid a cuireadh ar bun chun saol sóisialta/síamsaíochta tré Ghaeilge a chothú, chomh maith le tionscal ceoil na Gaeilge a spreagadh agus a chothú.’
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Dáta
2010
Teanga
ga
Cineál
Aitheantóir
PL2010A06
Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Bailiúchán
Tagairt
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2010, “Craiceáilte i gConamara!,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 22 Márta 2023, https://www.cartlann.ie/items/show/509.