Tamhain agus an Réabhlóid (1973)

Dublin Core

Title

Tamhain agus an Réabhlóid (1973)

Subject

Éirí Amach na Cásca
Liam Ó Maoilíosa
Tamhain
Ruairí Mac Easmainn
Éamon de Valera
An Dr. Séamus Ó Beirn
Seán Mac Eoin
Cogadh na Saoirse
Comóradh an Éirí Amach 1966
An Ghaeilge

Description

Labhraíonn Seán Ó Tuairisg le Tomás Ó Fathaigh as Tamhain, oileán in oirthear Chuan na Gaillimhe. Chaith Tomás an chuid is mó dá shaol ar an oileán, seachas tréimhse ghearr a chaith sé ag obair i Sasana. Ba é an duine ba shine ar an oileán nuair a taifeadadh an clár, agus an t-aon duine ar an mbaile a raibh Gaeilge aige. Ghlac sé páirt in Éirí Amach 1916 agus déanann sé cur síos ar eachtraí na linne sin.

Bhí aithne aige ar Éamon de Valera, a thagadh go rialta chuig an oileán ag foghlaim Gaeilge. Is cuimhin le Tomás go bhfeictí de Valera go minic le raidhfil agus piostal ina lámh aige. D’fhiafraíodh sé d’fhir óga na háite dul ag cleachtadh lámhaigh leis, ag maíomh go dtiocfadh an lá a dteastódh na scileanna sin. Dar le Tomás, bhí go leor de mhuintir na háite i ngluaiseacht na poblachta ag an am.

Labhraíonn Tomás freisin faoi Ruairí Mac Easmainn, a thug cuairt ar an oileán tar éis dó an dráma, An Dochtúir, a fheiceáil i nGaillimh. Scríobh an Dr. Séamus Ó Beirn, as Tamhain, an dráma agus ba iad muintir an oileáin a bhí ag aisteoireacht ann. Bhí conspóid ar an oileán ag an am mar nach raibh cead Gaeilge a mhúineadh sa scoil bheag, agus thacaigh Mac Easmainn le scoil nua a thógáil ar Tamhain.

Téann Tomás go domhain isteach ina ról san Éirí Amach. An mhaidin sin, d’imigh slua Óglach, os cionn 40 duine as Tamhain, Órán Mór agus Meáraí, isteach go hÓrán Mór agus d'ionsaigh siad an bheairic. Ina dhiaidh sin chuaigh roinnt acu go Droichead an Chláirín agus cuid eile síos go hÓrán Mór. Thóg siad seachtar ball den RIC (Peelers mar a thugann Tomás orthu) mar phríosúnaigh agus choinnigh siad orthu go Baile Átha an Rí, in éineacht le Liam Ó Maoilíosa. Ansin, casadh orthu idir 200 agus 300 óglach as an gCaisleán Gearr, Baile Chláir na Gaillimhe agus Baile Átha an Rí. Chas siad le baill ón RIC ach cuireadh an ruaig ar na póilíní nuair a thosaíodar ag lámhach a chéile. Choinnigh siad orthu go Maigh Fhód, áit a thug sagart, an tAth. Feeney, comaoineach dóibh. Faoin am seo, nuair a chonaiceadar nach raibh aon mhaith ann, agus go raibh fórsa mór d’arm na Breataine ar an mbealach, dúirt Ó Maoilíosa leis na hÓglaigh scaipeadh.

Deir Tomás go bhfuil a ghunna, a cheannaigh sé i nGaillimh ar £5, fós aige. Deir Tomás freisin, cé nár mharaigh sé aon duine, gur leag sé ball den RIC óna rothar le hurchair nuair nár stop sé nuair a dúradh leis. Déanann sé cur síos ar a chuid gníomhaíochtaí in aghaidh na nDúchrónach i gCogadh na Saoirse. Bhí sé in Áras an Uachtaráin i 1966, agus dúirt De Valera leis go n-aithneodh sé na clocha i dTamhain fós. Críochnaíonn an t-agallamh le comhrá faoi Sheán Mac Eoin agus Liam Ó Maoilíosa.

Creator

Ó Tuairisg, Seán

Source

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Date

Gan Dáta

Contributor

Ó Fathaigh, Tomás (Tom Fahy)

Rights

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Language

ga

Type

Fuaim

Identifier

19720

Temporal Coverage

1905: Tógadh Scoil nua ar Tamhain
1906: Éamon de Valera i dTamhain
1916: Éirí Amach na Cásca
1919-1921: Cogadh na Saoirse
11/04/1966: Comóradh an Éirí Amach i 1966

Mediator

Ó Tuairisg, Seán

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/ff1036989d729821ac3a92f3de7b3c55.mp3

Tagairt

Ó Tuairisg, Seán, “Tamhain agus an Réabhlóid (1973),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 22, 2024, https://cartlann.ie/items/show/710.