Sgéal - sgéalaí agus sgéalíocht
Item
-
Teideal
-
Sgéal - sgéalaí agus sgéalíocht
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó thús m'óige i mo ghasúirín bheag dhom agus sula ndeacha mé ag aon scoil ariamh bhí sgéalta agam agus an spéis agam thairis sin ionta. Sgéalta grinn, sgéalta sídhe, finnsgéalta, sgéalta beaga a tharla thart sa limistéar a raibh baint aca le féiltí na bliana, le piosreógaí agus le go leór leór d'imeachtaí nádúrtha na ndaoiní agus an cheantair. Ina dhiaidh sin sea thosaigh mé cur suime agus a'teacht isteach ar na sgéalta fada agus ar a'bhfiánníocht. Bhí seisear nó mór-sheisear de shean-seansachaí ar a'mbaile a bhí chomh maith le aon seanchaí ó Chnoc Cathrach na Gaillimhe siar le cósta chomh fada le Tower-Cheann Gólaim. Ní thagadh iabh ortha nó foras ó thráthnóna nó go dtéigheadh an oíche thar druimín, ach a' sgéalíocht go dtí thar éis an mheán-oíche. Ó dá gcloisfeá Pádhraic Pháidín a cur síos ar 'Thuras na Féinne go Crích-Lochlain' nó Beartla Tom ar 'Thriúr Clainne na barr-Sgolóige', nó Seáinín Beag ag innseacht 'Céadhtach Mac Ri na gCor'.
-
Údar
-
Tom Phaidi Mac Diarmada
-
Ábhar na hIrise
-
Scéalaíocht
-
Bliain
-
1983
-
Aitheantóir
-
BI1983A05
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige