Tom Pheaidí Mac Diarmada (1909-2001)
Item
-
Teideal
-
Tom Pheaidí Mac Diarmada (1909-2001)
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an dara lá d'Aibreán a d' imigh an anáil deiridh as duine eile fós de chairde móra an tsaoil Ghaelaigh. Bhí a chairde móra fhéin ar fad mórán curtha roimhe ag Tom Pheaidí mar fuair sé fhéin aois bhreá. Go deimhin bhí a mhuintir saolach, cé nach raibh Tom ach ocht mbliana nuair a sciob an bás go tragóideach a athair, Eadbhard Pheaidí. Ba é an tríú duine ab óige den naonúr muirín a bhí ar Eadbhard Mac Diarmada agus a bhean, Máire Tom Ní Chualáin, thíos ar an Leic i mBaile na Féasóige, an Lochán Beag. Bhí Eadbhard ar dhuine den naonúr a maraíodh nuair a phléasc mianach ar an Trá Shalach in íochtar an Locháin tráthnóna gruama ceo, Dé Luain, an 17 Meitheamh 1917. Saol crua a bhí in chuile áit ag an am. Mar a dúirt deirfiúr Tom, Nóra Pheaidí, liom thall i mBoston os cionn chúig bhliana fichead ó shin: "Ní raibh scilling ó Bhearna go Carna, a mhaicín nuair a bhí mise ag éirí aníos!" Ach mura raibh fhéin, is minic a chuala mé ag Tom agus ag an gcuid eile acu nach bhfuair siad aon ocras ariamh. Leanadh de thraidisiún iascaigh a n-athar agus bhíodh greadadh éisc, fataí agus leamhnachta acu má ba é bricfeasta, dinnéar agus suipéar fhéin go minic é.
-
Údar
-
Maití Joe Shéamais Ó Fátharta
-
Ábhar na hIrise
-
Scéalaíocht
-
Bliain
-
2001
-
Aitheantóir
-
BI2001A34
-
Réimse Tíreolaíochta
-
An Lochán Beag
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige