Biseach: Eagarfhocal 2009

Item

Teideal
Biseach: Eagarfhocal 2009
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cé gur beag duine, eagraíocht ná gnó nach bhfuil priocadh éicínt faighte aige nó aici ón loscadh airgeadais atá gaidhte ar fud na tíre agus an domhain le bliain anuas, is mór an díol misnigh go raibh cuid mhaith de lucht gnó Chois Fharraige flaithiúil lena gcuid fógraíochta don eagrán reatha seo den iris BISEACH. Léiríonn sin go soiléir go bhfuil muintir an cheantair sásta dul ar aghaidh leis an saol in ainneoin na ndeacrachtaí geilleagrach, díreach mar a rinne na glúine a tháinig rompu, chun cuma a choinneáil ar an áit agus brú ar aghaidh lena gcuid oibre agus lena gcuid forbartha. Tuar an mhaith agus gheobhaidh tú í, mar a deir an seanfhocal.
Údar
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Ábhar na hIrise
Forbairt Phobail
Bliain
2009
Aitheantóir
BI2009A01
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige