An-bhliain i Scoil Sailearna

Item

Teideal
An-bhliain i Scoil Sailearna
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Oireachtas na Gaeilge Ghlac suas le scór gasúr páirt sna hagallaimh beirte agus sa damhsa ar an sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn faoi Shamhain. Bhain chuile dhuine a ghlac páirt an-sásamh as agus d’éirigh le Sinéad Ní Mhaoláin agus Emma Ní Choisdealbha an dara háit a bhaint amach sna hagallaimh bheirte faoi-12. Bhain Mairéad Ní Chonghaile agus Rebecca Ní Fhátharta amach an dara háit faoi-15. D’éirigh thar cionn le Caoimhe Ní Chonghaile agus bhí sí ar ghearrliosta na ndamhsóirí ar an sean-nós. Ghlac sí páirt sa gclár teilifíse “Steip” ar TG4. B’iontach go deo an oiread de phobal na scoile a fheiceáil agus iad gafa, gníomhach agus lárnach in imeachtaí an Oireachtais.
Údar
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Ábhar na hIrise
Oideachas
Bliain
2010
Aitheantóir
BI2010A16
Réimse Tíreolaíochta
Na hAille
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige