Cumann Mícheál Breathnach 2011

Item

Teideal
Cumann Mícheál Breathnach 2011
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá bliain eile curtha dínn anseo in Indreabhán agus bhí go leor ag tarlú i gcaitheamh na bliana. Idir na foirne faoi aois agus na foirne Sóisir agus Sinsir, tá an oiread cluichí imeartha agus traenáil déanta i gcaitheamh na bliana. Chomh maith leis sin d’fhág muid slán ag ár gCathaoirleach, Pádhraic Joe Shéamuis Ó Fatharta. Ba mhaith liom thar ceann an Chumainn - na baill agus na foirne agus na fochoistí ar fad - buíochas a ghlacadh le Pádhraic as ucht an obair a chuir sé isteach sa gCumann ar feadh na mblianta. B’ambasadóir iontach don Chumann é agus aireoidh muid uainn go mór é. Faoi láthair is é Tadhg Mór Ó Curraoin a sheas isteach sa mbearna. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghlacadh leis na bainisteoirí, traenálaithe agus imreoirí a rinne a ndícheall i gcaitheamh na bliana. Is iontach an chreidúint sibh ar fad do Chumann Míchéal Breathnach.
Údar
Conall Ó Céidigh
Ábhar na hIrise
Spórt
Bliain
2011
Aitheantóir
BI2011A16
Réimse Tíreolaíochta
An Cnoc
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige