Ó Chois Fharraige go Chicago
Item
-
Teideal
-
Ó Chois Fharraige go Chicago
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fáilte go tír na saor,” a deir sé. Samhradh 2010, Chicago, Illinois agus ceann scríbe domsa agus mo bhaile nua. Tháinig mé anseo os cionn cúig bliain ó shin le bheith in éindí le mo ghrá geal agus chun tús a chur le mo chuid staidéar ar dhoctúireachta san eolaíocht. Ag Ollscoil Illinois i Chicago (UIC) a bhí mé le mo staidéar a dhéanamh i gCógaisíocht Bhiteicneolaíochta (pharmaceutical biotechnology). Saol nua, tír nua, cultúr nua. Cé go raibh na féileacáin ag cur dinglis i mo phutóga ag an tús, smaoinigh mé ar na sean-imircigh a tháinig anseo thar na blianta le meall mór ina gcroíthe mar nach bhfeicfidís an baile go deo arís. Ní raibh rudaí chomh dona sin i mo chás féin. Bhí go leor feicthe agam faoi Mheiriceá sna scannáin agus ní mór dom anois mo bhealach a dhéanamh anseo idir an t-olc agus an mhaith.
-
Údar
-
Dr. Eoghainín Ó hAinmhire
-
Ábhar na hIrise
-
Taisteal
-
Bliain
-
2015
-
Aitheantóir
-
BI2015A15
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige