Blácaigh na Tulaí

Item

Teideal
Blácaigh na Tulaí
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. De bhunadh na Breataine Bige iad Blácaigh na Gaillimhe, agus ‘Cadell’ nó ‘Cadwell’ an sloinne a bhí orthu. Ba é Richard Cadel an chéad duine acu a luaitear le Gaillimh (ag deireadh an 13ú haois–tús an 14ú haois) ach bhí leasainm air: ‘Niger’, dubh sa Laidin, nó ‘le Blak’ (a ndearnadh ‘Blake’ ina dhiaidh sin de). Ba dream mór le rá i gcathair na Gaillimhe iad ar feadh na gcéadta bliain agus stádas agus gradam dá réir acu: bhí postanna móra acu sa gcathair, agus bhí scór Blácach éagsúil ina méaraí ar chathair na Gaillimhe. Bhí easpaig ina measc chomh maith le bairnéid, ridirí agus teachtaí parlaiminte. Ba teaghlach gustalach, tábhachtach, mór le rá iad Blácaigh na Gaillimhe, mar sin.
Údar
Lochlainn Ó Tuairisg
Ábhar na hIrise
Stair
Bliain
2016
Aitheantóir
BI2016A04
Réimse Tíreolaíochta
An Tulach
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige