Yanks le Gaeilge

Item

Teideal
Yanks le Gaeilge
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Níl sé i bhfad ó shin nuair a bhí mé fhéin agus mo mháthair sa mbaile ar saoire, chuaigh muid ar cuairt ag bean aitheantais. Ní raibh sí istigh ag an am ach bhí na gasúir ann. Níor fhág muid aon teachtaireacht leo ach nuair a tháinig bean an tí abhaile bhí “scéal cailleach an uafáis” ag an gclann go raibh beirt bhan théis a bheith ar cuairt acu. Ach cé iad fhéin a d’iarr an mháthair de na cailíní? Ní raibh ’fhios acu cén t-ainm a bhí orainn ach dúirt siad “Yanks a bhí iontu, Yanks le Gaeilge”! Rinne siad an oiread iontais!
Údar
Máire Ní Choinceanainn
Bliain
2016
Aitheantóir
BI2016A19
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige