An Filí – Ceannródaí agus Urlabhraí Pobail

Item

Teideal
An Filí – Ceannródaí agus Urlabhraí Pobail
Cur Síos
Ba sa mbliain 1908 a rugadh Joe Shéamuis Sheáin nó Filí Bhaile na mBrobhach. Ba as Baile na mBrobhach a athair, Séamus Sheáin, agus ba as an mbaile ó theas
de, Baile na hAbann a mháthair, Nóra Ní Chualáin. Ba iad na tithe cuarta, na tithe tórraimh, cruinnithe ag crosbhóithre agus ag geata an tséipéil a mhúin béaloideas Chois Fharraige don fhilí agus do na céadta leis. Bhí sé de cháil riamh ar mhuintir Bhaile na mBrobhach a bheith an-tráthúil ag caint. Cé nach ndeachaigh an filí le tráthúlacht ina chuid filíochta, chuidigh an tráthúlacht leis lena intinn a aibiú agus leis an bhfocal ceart a chur san áit cheart ina chuid filíochta.
Údar
Peadar Mac an Iomaire
Ábhar na hIrise
Filíocht
Bliain
2019
Aitheantóir
BI2019A07
Réimse Tíreolaíochta
Baile na mBrobhach
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige