-
Teideal
-
I nGan Fhios don Saol
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí cúpla óigeanta sínte ar fhad a leapan, gan gíog na míog astu, ach oiread is dá mba sínte os cionn cláir a bheidís. Uaireanta fada an dorchadais meilte ag iarraidh tarraingt anála a cheilt ar a chéile. Duine ag iarraidh dallamullóg a chur ar an duine eile le codladh gé, ach fios acu araon gur ag malartú dallach dubh a bhíodar. Bhí a cuid súl oscailte aicise ag tnúthán go scáfar le hala sóláis ón duibheagán, ach ab fheasach dósan trí shúile dúnta gur chun duifin a ghabhfadh a n-éagmais i mbreacadh an lae. Puth fánach casachta a lig an cat as an mála. Gan uaithi ach ugach chun breith i ngreim láimhe air, farasbarr díocais uirthi ag muirniú a bhoise, ag fíochán a gcuid méarachaí ina chéile, á misniú is á mbíogadh isteach lena croí. Ach léann na bhfiann ní chreasódh croí briste. Ionga ná orlach níor ghéill sé dá tuineadh ach a leathláimh chomh marbhánta le láimh duine a bheadh in achar an anama. Mhothaigh sé fáinne a bpósta ag dul go beo de réir mar a bhí sí ag muirniú a láimhe go grámhar. Pian a bhog deora ar ala na huaire, deora a théacht chomh haibéil céanna nuair a chruaigh a chuimhne in aghaidh na hanachaine.
-
Údar
-
Joe Steve Ó Neachtain
-
Ábhar na hIrise
-
Litríocht
-
Bliain
-
2001
-
Aitheantóir
-
BI2001A30
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige