Skip to main content

Sinneán Seanfhocal

Item

Teideal
Sinneán Seanfhocal
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bailiúchán lámhscríofa a fuair Fil Uí Dhubhghaill óna haintín a bhí anseo agus seo mar a chuir Fil féin síos ar an liosta: “Ba é Tim Johnny Ó Cualáin, uncail m’athar, agus m’aint, Bríd Ní Chualáin, a bhailigh na seanfhocla seo le linn dóibh a bheith i bhfeighil an tí ósta, Tigh Tim Johnny, sa Spidéal. Is iomaí duine mór le rá a chuir cois thar tairseach sa teach ósta céanna, ina measc an scríbhneoir Brendan Behan, an píobaire Séamus Ennis agus Ciarán Mac Mathúna. Dhíol Tim an teach ósta ag tús na seachtóidí leis an amhránaí Des Kelly agus ba eisean a d’athraigh an t-ainm go dtí an ‘Crúiscín Lán’, an t-ainm atá fós air go deimhin, cé go bhfuil an áit i seilbh John Foy le roinnt blianta anois.”
Údar
Seosamh Ó Braonáin
Ábhar na hIrise
Litríocht, Béaloideas
Bliain
2010
Aitheantóir
BI2010A10
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige