-
Teideal
-
Peadar Ó Cearnaigh (12/12/1986)
-
Achoimre
-
Eolas faoi Pheadar Ó Cearnaigh ar shuíomh Reilig Ghlas Naíon
-
Cur Síos
-
Craoladh an mhír fuaime seo cothrom an lae 103 bliain ó rugadh Peadar Kearney in 1883. Baile Átha Cliathach a bhí ann, agus fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i Marino. D’fhan sé leo go raibh sé 14 bliana d’aois, nuair a cailleadh a athair. Bhí airgead le saothrú don chlann ansin. Chaith sé tréimhsí ag obair i siopa rothar, ag péinteáil, agus ag obair ar chúl an stáitse in Amharclann na Mainistreach. Bhíodh páirteanna aige i ndrámaí na hAmharclainne freisin. Nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus dhá bhliain ina dhiaidh sin chuaigh sé leis an IRB. Thosaigh sé ag scríobh amhrán, agus i 1907 scríobh sé The Soldier’s Song agus chuir a chara, Patrick Heaney, ceol leis. Foilsíodh na focail sa leabhar Irish Freedom agus nuair a bunaíodh na hÓglaigh i 1914 bhain siad úsáid as mar amhrán máirseála. I 1922 roghnaíodh an t-amhrán mar amhrán náisiúnta an Stáit nuachruthaithe. Throid sé san Éirí Amach agus sa Chogadh Cathartha agus nuair a tháinig deireadh leis an troid, chaith sé an chuid eile dá shaol ag péinteáil, go dtí gur cailleadh é i 1942.
-
Léiritheoir
-
Ní Ghlinn, Áine
-
Dáta
-
12-12-1986
-
Tréimhsí Ama
-
1883-1942: Peadar Ó Cearnaigh
-
1907: Cumadh The Soldier’s Song
-
Raon Tíreolaíochta
-
Baile Átha Cliath
-
Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath
-
Fad na Míre
-
00:03
-
Contae
-
Contae Bhaile Átha Cliath
-
Ábhar na Míre
-
Peadar Ó Cearnaigh
-
Amhrán na bhFiann
-
The Soldier’s Song
-
An tIRB
-
Aitheantóir
-
18600
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim