Staraithe ó Chartlann an Raidió

Criostóir Mac Aonghusa

Léacht Chriostóir Mhic Aonghusa faoi Phádraig Mac Piarais (Gan Dáta)

Tugann Criostóir Mac Aonghusa léacht faoi Phádraig Mac Piarais. Tarraingíonn sé ar fhilíocht an Phiarsaigh, ina measc The Fool agus The Rebel, chomh maith le hóráid an Phiarsaigh sa Chúirt Mhíleata i 1916, chun léargas a thabhairt ar dhearcadh agus ar fhealsúnacht an Phiarsaigh.

Prionsias Mac an Bheatha

Proinsias Mac an Bheatha ag trácht ar Nora Connolly-O’Brien (23/06/1981)

San eagrán seo den tsraith chlár Tráthnóna Inniu déanann an t-údar, Proinsias Mac an Bheatha, cur síos ar Nora Connolly-O’Brien, iníon le Séamas Ó Conghaile, a bhásaigh seachtain sular craoladh an mhír fuaime seo. Scríobh Mac an Bheatha Tart na Córa (1962), i measc saothar eile, faoi shaol agus faoi shaothar Shéamais Uí Chonghaile. Scríobh Nora Connolly-O’Brien an leabhar Portrait of a Rebel Father faoina hathair i 1935. Deir Mac an Bheatha go raibh ról lárnach ag a iníon i saol Uí Chonghaile, agus go raibh ról aici ag craobhscaoileadh a chuid fealsúnachta tar éis a bháis. Bhí sí mar idirghabhálaí idir an ceanncheathrú i mBaile átha Cliath agus fórsaí na poblachta i dtuaisceart na hÉireann le linn an Éirí Amach. Bhí sí san ospidéal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath lena hathair cúpla uair an chloig sular cuireadh chun báis é i bpríosún Chill Mhaighneann.

Maidir le Séamas Ó Conghaile é féin, deirtear gur beag eos atá againn faoi, agus luann Mac an Bheatha go raibh go leor cáipéisí stairiúla ag Liam Ó Briain [William X. O’Brien] a bhí mar rúnaí ar Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (ITGWU), agus nár thug sé cead iad a scrúdú fad is a mhair sé. Fiafraíonn Mac an Bheatha cén meas a bheadh ag Ó Conghaile ar chúrsaí in Éirinn sa lá atá inniu ann, agus maíonn sé nach mbeadh sé sásta faoin gcríochdheighilt, ná faoi staid shóisialach na tíre.

Leon Ó Broin

Leon Ó Broin ag trácht ar Mhícheál Ó Coileáin (22/08/1982)

Agus muid ag comóradh 60 bliain ó maraíodh Mícheál Ó Coileáin, tugann an Dr Leon Ó Broin cuntas ar a shaol agus ar a bhás. Díríonn sé ar a shaol mar shaighdiúir, mar státaire agus mar pholaiteoir. Dar le Ó Broin, shílfeá nach raibh i ndán don Choileánach ag tús a shaol ach an gnáthshaol a bheadh ag gasúr tuaithe ag tús an chéid seo caite, gasúr a tógadh i dteaghlach feirmeoireachta agus nár cuireadh ach oideachas bunscoile air. Ach ba léir gur oideachas ar ard-chaighdeán a cuireadh air, mar go bhfuair sé post gan dua tar éis dó an scoil a fhágáil. Is in Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath, a bhí sé le linn an Éirí Amach. Maíonn Ó Broin nach raibh Ó Coileán ró-thógtha leis an bPiarsach, ach go raibh ard-mheas aige ar Shéamas Ó Conghaile – rud a léirigh gurbh fhearr leis an réalaí ná an t-idéalaí. Bhí am aige machnamh a dhéanamh faoi staid na tíre sna campaí géibheann sa Bhreatain Bheag, agus a bheith ag beartú bealaí a d’fhéadfaí an obair ar cuireadh tús léi leis an Éirí Amach a chur i gcrích.

Séamus Ó Buachalla

An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (24/03/1978)

Sa chlár Linn Féin É Seo – a craoladh mar chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca i 1978 - tugann Séamus Ó Buachalla, léachtóir oideachais i gColáiste na Tríonóide, léacht dar teideal An Piarsach agus Conradh na Gaeilge. Pléitear an caidreamh a bhí ag an bPiarsach leis an nGaeltacht. Cé gur mó taithí a bhí aige ar Ros Muc, chuir sé spéis freisin i gceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre, agus bhí suim ar leith aige i bhforbairt eacnamaíoch na gceantar sin. Bhí dlúthbhaint aige leis na ceantair seo trí na Coláistí Gaeilge. Tugtar le fios go raibh tionchar mór ag beirt mhúinteoirí Gaeilge air sular leag sé cos sa Ghaeltacht riamh – an Bráthair Maunsell, as tuaisceart Chiarraí a bhí ina mhúinteoir ag Seán T. Ó Ceallaigh freisin, agus Tomás Ó Flannghaile, as Maigh Eo, a scríobh For the Tongue of the Gael, cnuasach aistí agus léachtaí ar stair agus litríocht na Gaeilge.

Sa léacht seo déantar cur síos freisin ar chuairteanna an Phiarsaigh ar chathair na Gaillimhe agus níos faide siar go Ghaeltacht Chonamara. Thug an Piarsach cuairt ar Ros Muc den chéad uair in Aibreán na bliana 1903, le scrúdú a chur ar dhaltaí de chuid an cheantair a bhí ag iarraidh a bheith ina múinteoirí ag Conradh na Gaeilge. Ina measc siúd a ndearnadh scrúdú orthu bhí Pádraig Ó Nia, Colm Ó Conghaile, Proinsias de Búrca, Seán agus Mícheál Ó Máille. Orthu siúd a cuireadh faoi scrúdú, freisin, bhí an tÓglach agus scríbhneoir, Colm Ó Gaora.

Pádraig Ó Cuaig agus Declan Kiberd

Tomás Mac Donnchadha agus Seosamh Pluincéad (29/06/1991)

Is iad seo Léacht 12 agus Léacht 13 ón tsraith léachtaí ar Éirí Amach na Cásca a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1991. I léacht 12, le Pádraig Ó Cuaig, tugtar cur síos ar bheirt a shínigh Forógra na Poblachta le linn Éirí Amach 1916, Tomás Mac Donnchadha (Thomas McDonagh) agus Seosamh Pluincéad (Joseph Mary Plunkett). Ina dhiaidh seo [30:30] tá Léacht 13, ina dtugann Declan Kiberd léacht dar teideal 1916 agus an Drámaíocht.

Pádraig Ó Cuanacháin

Litir an Easpaig chuig an nGinearál (17/05/2002)

Déanann Pádraig Ó Cuanacháin (1932-2008), scríbhneoir agus staraí as Corcaigh, cur síos ar Thomás Ó Duibhir, Easpag Luimnigh, a scríobh litir cháiliúil chuig an nGinearál John Maxwell ar 17/05/1916, go gairid tar éis an Éirí Amach.

B’easpag neamh-ghnáthach a bhí in Ó Duibhir. Náisiúnaí ba ea é a thug tacaíocht d’athbheochan na Gaeilge, a chabhraigh le bochtáin na tíre agus a chosain cearta na ndaoine a bhí ar phá íseal. Nuair a thosaigh an Cogadh Mór, bhí sé ar aon intinn le Séamas Ó Conghaile faoi chúiseanna an Chogaidh. Ní faoi chearta na náisiún beag a bhí sé, dar leis, ach ba choimhlint choilíneach a bhí ann idir ’royal freebooters and metropolitan thieves’ mar a dúirt Ó Conghaile.

Ag an am céanna, bhí droch-cháil ar John Maxwell sa tír. Bhí sé mar aide-de-camp ag an Marascal Machaire Kitchener san Éigipt agus sa tSúdáin mar chuid den fheachtas coilíneachta a bhí ar bun ag Arm na Breataine san Afraic. Maraíodh na mílte san fheachtas seo agus thug an t-arm droch-íde dá gcuid príosúnach agus dá gcuid saighdiúirí féin. Throid Maxwell freisin i gCogadh na Bórach, agus is le linn na tréimhse seo a raibh sé i bhfeighil ar na campaí géibhinn i ndeisceart na hAfraice.

Chuir Maxwell litir chuig an easpag ar dtús, agus d’iarr sé air beirt shagart a tharraingt siar óna gcuid dualgas mar go raibh, dar le Maxwell, droch-thionchar acu ar an bpobal. D’fhreagair an t-easpag, ag lorg soiléiriú faoina raibh curtha i leith na sagart. Ba léir don easpag ón fhreagra a chuir Maxwell ar ais chuige nach raibh aon dlí sibhialta ná eaglasta briste ag an mbeirt. Sa litir a sheol sé ar ais chuig Maxwell, a d’fhoilsigh sé freisin, rinne an t-easpag ionsaí láidir ar Maxwell. Seo cuid den mhéid a scríobh sé: ’You appeal to me to help you in the furtherance of your work as a military dictator of Ireland. Even if action of that kind was not outside my province, the events of the past few weeks would make it impossible for me to have any part in proceedings which I regard as wantonly cruel and oppressive…’

Bhain tuin na litreach geit as pobal na tíre agus cuireadh iontas ar pháipéir nuachtáin Shasana go dtógfaí an seasamh láidir, trodach seo in aghaidh ionadaí mhíleata de bhunaíocht na Breataine. Ba léir gur fear misniúil a bhí san easpag. Spreag an seasamh a thóg sé in aghaidh fhórsaí míleata na Breataine pobal na tíre, sa tréimhse chinniúnach seo i stair na hÉireann - díreach tar éis an Éirí Amach. Cailleadh an t-easpag go gairid ina dhiaidh sin, i mí Lúnasa 1917.

Nollaig Ó Gadhra

An Cogadh Cathartha i gCiarraí (10/03/1987)

San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo, déanann Nollaig Ó Gadhra cur síos ar an gCogadh Cathartha i gCiarraí agus i gCúige Mumhan. Ceapann sé nach rachadh an cogadh chun donais murach bás an Choileánaigh i Lúnasa 1922. Ach ní mar sin a tharla, agus tugann sé le fios gur cuireadh 77 duine chun báis idir mí na Samhna 1922 agus mí na Bealtaine 1923. Labhraíonn sé ar eachtraí díoltais le linn an chogaidh, pléitear an díoltas mar pholasaí chun deireadh a chur leis an gcogadh, agus meáitear éifeacht an pholasaí seo. Díríonn sé ar eachtraí díoltais ar leith a tharla tar éis eachtra inar maraíodh oifigeach in Arm an tSaorstáit, beirt shaighdiúirí agus beirt eile in aice le Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí. Is i mBaile Ó Síoda, Trá Lí, i nDroichead na Cuntaoise, Cill Áirne agus sna Beathacha, Cathair Saidhbhín a pléascadh príosúnaigh agus iad ceangailte de mhianaigh. Tháinig Stephen Fuller, a bhí ina Theachta Dála do Chiarraí ina dhiaidh sin, slán as an ainghníomh i dTrá Lí, cé gur séideadh a chuid comrádaithe san aer. Luann an láithreoir, cé gur léir nár aontaigh na húdaráis i mBaile Átha Cliath leis seo, gur léir go raibh cead a gcinn ag oifigigh an tSaorstáit i dTrá Lí. Críochnaíonn an láithreoir le comparáid idir na heachtraí seo agus tuairisc scríofa eile ón gceantar céanna. Ag tús na bliana sin, bhí Tomás Ó Criomhthain, an tOileánach Ciarraíoch ar an mBlascaod Mór, ag cur síos ar shaol eile ar fad, a bhí slán ar uafás an Chogaidh Chathartha a bhí ag réabadh an cheantair 50 míle soir uaidh ar an mórthír.

An tÉirí Amach sna Meáin (11/04/1977)

Caitheann Nollaig Ó Gadhra súil siar ar thuairiscí na bpáipéir nuachta ar an Éirí Amach i 1916. Luann sé gur athraigh sprioc an Éirí Amach, nuair ba léir nach feachtas náisiúnta a bheadh ann. Íobairt bholscaireachta a bhí ann, seachas beartas cogaíochta. Dá bharr sin, bheadh toradh an Éirí Amach ag brath ar an bpoiblíocht a gheobhadh sé. Bhí dearcthaí difriúla ag meáin Mheiriceá ar an bhfeachtas, ag brath ar an seasamh (leithliseachas nó frith-leithliseachas) a bhí acu faoi ról na Stát Aontaithe sa Chogadh Mór. Bhí spéis ag nuachtóirí ar fud an domhain, fiú i Sasana, sa Chuntaois Markievicz, a bhí mar a bheadh Jeanne d’Arc na linne sin ann.

Bhí go leor ráflaí bréagacha sna nuachtáin freisin. Tuairiscíodh bás Uí Chonghaile ceithre huaire sular tharla sé, cheapadar i Meiriceá gur i dTúr Londan a cuireadh na ceannairí chun báis, agus is minic a thagair siad do ‘Professor Pearse’ agus ‘General Connolly’. Dar leis an Corriere della Sera ba é Jim Larkin – a bhí i Chicago ag an am - a bhí ina cheannaire ar na reibiliúnaigh. Níos gaire do bhaile, maíonn Ó Gadhra go raibh An Cork Examiner, a thug tacaíocht don John Redmond, in aghaidh an Éirí Amach – cé gur thóg siad seasamh láidir in aghaidh an pholasaí díoltais – agus go raibh an Free Press ag cur an mhilleáin ar Redmond. Cháin Ó Gadhra an Irish Independent go láidir, a thagair do Shéamas Ó Chonghaile dóibh nuair a dúradar ‘certain of the leaders remain undealt with ….’ agus é fós sa phríosún. Agus dúradar ‘the penalty of capital punishment should not we think be inflicted on any other case’ tar éis é a bheith curtha chun báis. Sa dara cuid den mhír fuaime seo léann Seán Ó Conghaile sleachta a scríobh Peadar Ó Dónaill as an iris Dóchas i 1966 le linn chomóradh leathchéad bliain Éirí Amach 1916.

Nollaig Ó Gadhra ag trácht ar an Athair Ó Gríofa (19/06/1986)

Tugann Nollaig Ó Gadhra tuairisc faoin Athair Ó Gríofa, a maraíodh i mBearna, Co. na Gaillimhe, i mí na Samhna, 1920. Bhí sé ar dhuine den bheagán sagart a maraíodh i gCogadh na Saoirse. Is cosúil gur dúnmharaíodh Ó Gríofa de bhrí go raibh sé ag feidhmiú mar shéiplíneach do na hÓglaigh (cé go raibh sagairt eile ag déanamh an rud céanna ag an am agus nár maraíodh iadsan). Bhí sé le dul go Meiriceá le fianaise a thabhairt i Washington faoi staid na tíre ag an am. Cuireann Ó Gadhra síos ar an tréimhse chorraitheach a bhí ann san am a fuair sé bás. I mí Dheireadh Fómhair d’eisigh na heaspaig ráiteas ag gearán faoina raibh ag tarlú sa tír agus ag cáineadh rialtas na Breataine. Bhásaigh Traolach Mac Suibhne an mhí sin ar stailc ocrais, agus maraíodh an poblachtánach Seán Treacy i mBaile Átha Cliath. Ag tús mhí na Samhna crochadh Caoimhín de Barra agus cuireadh James Daly chun báis san India. Bhí pobal na tíre in ísle brí. Lena linn seo ar fad, bhí an tAthair Ó Gríofa ag labhairt amach. Luann Ó Gadhra gur tugadh faoi shagairt roimhe sin chomh maith – bhí comhcheilg ann an leis Dr Fogarty, easpag Chill Dalua, a fheallmharú (é a chaitheamh isteach i mála agus é a ligean le sruth ionas nach bhfaighfí a chorp).

Déanann Ó Gadhra trácht ar [Frank Percy] Crozier, a bhí i gceannas ar na Cúntóirí (Auxiliaries) ag an am, agus a thug an bhróg do 20 ball den ghrúpa sin a bhí ag feidhmiú go mídhleathach. D’fhág Crozier Arm na Breataine nuair a chuala sé gur scaoileadh na saighdiúirí sin ar ais san Arm arís. Déanann Ó Gadhra iontas de nach bhfuil mórán eolais le fáil faoin Athair Ó Gríofa. Deir sé, cé gur labhair an chléir amach go láidir in aghaidh fhórsaí na Breataine nuair a fuair sé bás, go raibh na heaspaig ag rá laistigh de bhliain gur cheart ómós a bheith ag an bpobal do rialtas agus do dhlí na tíre.

Cormac Mac Cárthaigh

Bás an Choileánaigh (23/08/1979)

Labhraíonn Tomás Ó Ceallaigh le Cormac Mac Cárthaigh - staraí a fhoilsíonn a chuid taighde san iris Agus - faoi bhás an Choileánaigh. Maíonn sé nach féidir brath ar thuairisc an Ghinearáil Emmet Dalton, a bhí leis an gCoileánach nuair a maraíodh é, agus a thug tuairisc ar an eachtra sa Freeman’s Journal. Deir Mac Cárthaigh gur féidir go leor dá bhfuil ráite ag Dalton a bhréagnú. Pléitear na cúiseanna a raibh Mícheál Ó Coileán i gCorcaigh nuair a maraíodh é, agus labhraítear freisin fúthu siúd a mbeadh cúis phearsanta acu é a mharú.

Niall Mac Fhionnghaile

Niall Mac Fhionnghaile ag trácht ar an gCogadh Mór (11/11/1993)

Craoladh an clár seo 75 bliain ó tháinig deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar Cháit Nic Giolla Bhríde agus ar Niall Mac Fhionnghaile. Is staraí é Niall Mac Fhionnghaile a scríobh leabhar Donegal, Ireland and the First World War agus tá béaloideas áitiúil ag Cáit Nic Giolla Bhríde. Labhraítear faoi dhaoine as Dún na nGall a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Throid ar a laghad céad duine as Leitir Ceanainn amháin, mar sin is léir go raibh go leor as Tír Chonaill sa chogadh. Ba chogadh salach, gránna a bhí ann, dar le Mac Fhionnghaile. Déantar trácht ar an riocht ina raibh na trinsí, ar chath an Somme, agus ar na Dardanelles. Déantar cur síos ar an lorg a fágadh go síceolaíoch orthu siúd a raibh orthu na coirp a bhailiú tar éis gach cath.

Pléitear freisin an tionchar ar bhí ag an gCogadh Mór ar an gceantar áitiúil, an fliú agus tionchar síceolaíochta an Chogaidh mar shampla. Luadh cúiseanna ar liostáil daoine, an chaoi ar liostáil buachaillí faoi aois, agus an gaol idir ól agus liostáil. Déantar tagairt d’fheirmeoirí sa Bhreatain a chuir oibrithe i bhfolach, d’obair na mban, agus an dóigh a bhfuair Gaoth Dobhair scéala go raibh an Cogadh críochnaithe. Luaitear fear de chuid na háite, Charlie Collins as Leitir Ceanainn. Chaith sé trí bliana le Fiúsailéirí Ríoga Inis Ceithleannis in Gallipoli, san Éigipt, sa Phalaistín, agus sa Bheilg, agus níor gortaíodh é go dtí gur tháinig sé abhaile. Liostáil sé in Arm na hÉireann, agus caitheadh sa tsúil trí thimpiste é i nDroim Bó. Labhraíonn Cait Nic Giolla Bhríde ag [25.15].

 

Roibard Mac Góráin

Roibard Mac Góráin ag trácht ar Phádraig Mac Piarais (18/12/1979)

Is léacht é seo a thugann Roibard Mac Góráin faoi Phádraig Mac Piarais (1879-1916). Pléitear an Piarsach mar oide, mar scríbhneoir agus mar pholaiteoir. Déantar anailís freisin ar fhealsúnacht pholaitiúil an Phiarsaigh. Craoladh an clár seo mar chuid de chomóradh 100 bliain ó rugadh an Piarsach.

T.P. Ó Néill

An Críochdheighilt: Socrú agus Cruthú Faidhbe (Gan Dáta)

T.P. Ó Néill le mír bheag staire Socrú agus Cruthú Faidhbe faoin tréimhse 1916-1922 in Éirinn. Fiosraíonn sé an cheist: Ar chruthaigh an chríochdheighilt pobail scoilte nó ar chruthaigh pobal scoilte an chríochdheighilt? Is ceann de na míreanna staire í seo a taifeadadh don tsraith Scolaíocht a craoladh idir Geimhreadh 1987 agus Earrach 1988.

T.P. Ó Néill ag caint faoi Sheán Mac Diarmada (Gan Dáta)

Labhraíonn an staraí, T.P. Ó Néill, le Breandán Feiritéar faoi Sheán Mac Diarmada. Deir sé leis nach bhfuil an oiread céanna eolais againn faoi Mhac Diarmada agus atá faoi shínitheoirí eile an Fhorógra. Fear rúnda ba ea é, agus níor fhág sé féin mórán páipéar ina dhiaidh. Rugadh sa Chorrán Mór, ina aice le Coillte Clochair i gCo. Liatroma, é in 1884, ach ní fios cén dáta breithe a bhí aige. Chuaigh sé ar imirce go Glaschú na hAlban nuair a bhí sé 16 bliana d’aois, agus is ann a d’oibrigh sé mar gharraíodóir agus mar fhear ticéad ar thramanna na cathrach. Nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois thaistil sé go Béal Feirste. Is sa chathair sin a chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, a fuair sé a chuid scolaíocht iar-bhunscoile, agus a spreagadh suim ann sa náisiúnachas. Is i mBéal Feirste freisin a bhuail sé le Bulmer Hobson, eagraí i Chlubanna Dhún Geanainn, a bhí ag craobhscaoileadh an phoblachtánachais i gCúige Uladh in éineacht le Bráithreachas na Poblachta (an IRB).

Chuaigh Mac Diarmada leis an IRB i 1906 agus le Sinn Féin i 1907. Rinneadh ‘eagraí’ de i Sinn Féin (ar 30 scilling in aghaidh na seachtaine) agus bhunaigh sé cumainn de chuid an pháirtí sin ar fud na tíre. Bhí sé cairdiúil le Tomás Ó Cléirigh (Tom Clarke), a chaith a shaol ag obair le John Devoy i Meiriceá agus leis an IRB in Éirinn ag iarraidh éirí amach a thosú. Ba léir go raibh Mac Diarmada, freisin, ag iarraidh go mbeadh réabhlóid ann chomh maith ó thús an chéid. Bhí siopa ag Tomás Ó Cléirigh i mBaile Átha Cliath, áit inar cuireadh an iris Irish Freedom in eagar, agus bhí Mac Diarmada mar bhainisteoir ar an bhfoilseachán úd.

Bhí sé ciúin ach gealgháireach, más fíor dá chara, Seán T. Ó Ceallaigh, ina chuimhní cinn. Fágadh Mac Diarmada bacach nuair a bhuail póilió é i 1912. Mar thoradh air seo, cé go raibh sé sna hÓglaigh, ní raibh sé in ann páirt a ghlacadh i dtraenáil mhíleata na heagraíochta. In ainneoin seo, bhí ról lárnach aige in eagar a chur ar na hÓglaigh agus iad a ghríosadh. Chuir sé aithne ar Shéamas Ó Conghaile i mBéal Feirste, agus ba eisean an nasc idir na hÓglaigh agus Arm Cathartha na hÉireann (an ICA).

Is in Ard-Oifig an Phoist a bhí sé le linn an Éirí Amach i 1916, agus tógadh go Beairic Richmond é nuair a gabhadh é. Bhíothas réidh chun é a chur go Sasana mar phríosúnach nuair a d’aithin bleachtaire ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath é. Is mar gheall air seo a bhí sé ar cheann de na ceannairí deiridh a cuireadh chun báis, ar an 12 Bealtaine 1916 - an lá céanna le Ó Conghaile. Dar le T.P. Ó Néill, eagraí maith ba ea Mac Diarmada, ach bhí an rúndacht go smior ann. D’fhéadfadh sé, de bhrí sin, go ndeachaigh Mac Diarmada i bhfeidhm ar Phádraig Mac Piarais nuair a bhí an Piarsach ag ceilt eolais ar Eoin Mac Néill. Cheap Mac Diarmada gur raibh Mac Néill béalscaoilte. Murach seo, b’fhéidir go mbeadh rath ar an Éirí Amach.

T.P. Ó Néill ag trácht ar Dhialanna Mhic Easmainn (29/03/1994)

Go gairid sular craoladh an mhír seo cuireadh dialanna Ruairí Mhic Easmainn ar taispeáint den chéad uair in Oifig na dTaifead Poiblí i Londain. Labhraíonn Seán Ó Cuirreáin le T.P. Ó Néill faoi na dialanna. Pléitear ábhar na ndialanna, fiafraítear ar scríobh Mac Easmainn iad nó ar cumadh iad, agus ceistítear cén úsáid a baineadh astu mar ábhar poiblíochta agus bolscaireachta. Rinne Rialtas na Breataine na dialanna, ina raibh cur síos ar eachtraí homaighnéasacha Mhic Easmainn iontu, a chraobhscaoileadh tar éis a ghafa i 1916. Rinneadh é seo chun droch-cháil a tharraingt ar Mhac Easmainn agus a chuid polaitíochta. Luaitear sa chomhrá an leabhar a d’fhoilsigh Peter Singleton-Gates i 1959 faoi na dialanna, agus an ról a bhí ag an Aimiréal Hall agus Basil Thompson á gcraobhscaoileadh.

Chuir an Rialtas na dialanna chuig an Róimh, ag súil go rachaidís i bhfeidhm ar an bPápa (Benedict XV). Cé go ndeachaigh na dialanna i bhfeidhm ar dhaoine éagsúla thar lear a thacaigh le cúis na bpoblachtánach in Éirinn, dar le T.P. Ó Néill nár chreid formhór mhuintir na hÉireann gur Mac Easmainn féin a scríobh na dialanna. Bhí sé seo amhlaidh le hÉamon de Valera, a cheap go raibh Mac Easmainn “ró-uasal” lena leithéid a scríobh. Luann T.P. Ó Néill go ndúirt Seán Moylan, Aire Oideachais le Fianna Fáil sna 1950í, leis gur chuma leis-sean an fíor nó bréagach a bhí na dialanna, ach gur náisiúnaí agus tírghráthóir a bhí i Ruairí Mac Easmainn.

Mícheál Ó Conghaile

Colm Ó Gaora (28/01/1987)

San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo labhraíonn Mícheál Ó Conghaile faoi Cholm Ó Gaora (1887-1954), óglach agus scríbhneoir as Ros Muc, Co. na Gaillimhe. Léitear píosaí as leabhar an Ghaoraigh, Mise, faoina shaol mar bhall de na hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse.

Pádraig Ó Snodaigh

An Piarsach agus na hÓglaigh (02/07/1979)

Is léacht dar teideal An Piarsach agus na hÓglaigh é seo a thug iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Snodaigh, i siompóisiam a d’eagraigh Saotharlann Staire Bhaile Átha Cliath mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i Márta 1979, agus a craoladh ar an 2 Iúil 1979.

Luíochán Upton (Gan Dáta)

Déanann Pádraig Ó Snodaigh cur síos sa chlár seo ar an luíochán mór le rá a tharla i stáisiún traenach Gharraí Thancaird (Upton), Co. Chorcaí ar an 15 Feabhra 1921. Roinnt laethanta roimhe sin d’éirigh leis an IRA gunnaí agus piléir a thabhairt leo i ruathar ar thraein in aice leis an Driseán Beag, Co. Chorcaí, inar maraíodh saighdiúir de chuid arm na Breataine. Ag súil go ndéanfadh siad amhlaidh arís, dhírigh Cathal Ó Muirthile ar Gharraí Thancaird, ach tubaiste a bhí sa ruathar. Ghlac 14 Óglach páirt ann. Ní raibh ach 7 gcinn de ghunnaí acu eatarthu. Bhí beirt Óglach in ainm a rá leis an lucht ionsaithe cá raibh na saighdiúirí Sasanacha ina suí, ach níor éirigh leo é sin a dhéanamh. Anuas air seo, chuaigh 50 saighdiúir eile ar an traein sular shroich sí Garraí Thancaird, agus scaip siad ar fud na traenach. Chonaic Óglach amháin na saighdiúirí ag dul ar an traein, ach is ar rothar a bhí sé agus níor éirigh leis Garraí Thancaird a bhaint amach in am leis an scéal a insint do na hÓglaigh. Bhí na saighdiúirí Sasana níos oilte ná na hÓglaigh. Tosaíodh ag lámhach agus maraíodh seisear paisinéirí (ní fios cé a mharaigh iad) agus triúr Óglach – Pádraig Ó Súilleabháin, Seán Ó Faoláin agus Beairtle de Failbhe. Bhuail duairceas Ó Muirthile ina dhiaidh sin – chuir sé an milleán air féin – agus maraíodh é féin go gairid tar éis an luíocháin (Márta 1921).

Pádraig Ó Snodaigh ag trácht ar Chonradh na Gaeilge (08/04/1993)

Mar chomóradh 100 bliain ar bhunú Chonradh na Gaeilge (ar 31/07/1893), tabharfaidh Pádraig Ó Snodaigh, údar agus gníomhaí teanga, léacht in Óstán Russel Court ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. San eagrán seo de Nuacht a hAon, labhraíonn Ó Snodaigh faoin léacht a thabharfaidh sé. Deir sé go léireoidh sé go bhfuair glúin na réabhlóide a gcuid oideachais sa Chonradh, agus gur faoi thionchar an Chonartha a chuir siad aithne ar Éirinn den chéad uair. Bhí dlúthbhaint ag an nglúin sin le Conradh na Gaeilge. Bhí seisear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta ina mbaill den Chonradh, agus bhí an té nach raibh, Séamas Ó Conghaile, báúil leis an gConradh agus le mianta an Chonartha. Mar léiriú air seo, rinne Ó Conghaile iarracht, ina leabhar Labour in Irish History (1910), na dúshláin a bhí le sárú ag an lucht oibre in Éirinn a chur i gcomparáid leis na dúshláin a bhí le sárú ag gluaiseacht na hathbheochana trí chéile.

D’fhoilsigh Eoin Mac Néill alt san iris An Claidheamh Soluis [dar teideal The North Began] i mí na Samhna 1913, agus bliain níos déanaí bhí iris Chonradh na Gaeilge ag maíomh gur as an alt sin a d’eascair Óglaigh na hÉireann. Déanann Ó Snodaigh trácht ar Giuseppe Mazzini (1805-1872) a dúirt, le linn aimsir Thomáis Dáibhis agus na nÉireannach Óg, nárbh fhiú tráithnín féir náisiúnachas na hÉireann mar go raibh saintréith an náisiúnachais – a dteanga féin - caite uathu ag náisiúnaithe. Chuaigh sé seo go mór i bhfeidhm ar Dhubhghlas de hÍde agus ar Eoin Mac Néill. Pléifear meath Chonradh na Gaeilge sa léacht freisin. Bhí an Conradh ag lagú faoi 1912, dar le hEoin Mac Néill, agus cheap Pádraig Mac Piarais go raibh deireadh le ré órga an Chonartha nuair a bhí sé féin páirteach ann. Is go luath sna 1920í a tháinig titim shuntasach ar líon na gcraobhacha ar fud na tíre.

Gearóid Ó Tuathaigh

An tÉirí Amach i mBaile Átha Cliath agus i gCo. na Gaillimhe (06/04/1972)

Tugann Gearóid Ó Tuathaigh, léachtóir le stair ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, léacht ghearr ar Éirí Amach na Cásca i 1916. Díríonn sé ar ar thit amach i mBaile Átha Cliath, agus in oirthear Chontae na Gaillimhe ach go háirithe. Labhraíonn sé faoi ghníomhaíochtaí na reibiliúnach in Órán Mór, i mBaile Átha an Rí, agus i nDroichead an Chláirín. Pléann sé tionchar an Éirí Amach, agus an t-athrú meoin a tháinig ar phobal na tíre nuair a cuireadh timpeall 1800 i ngéibheann agus nuair a cuireadh na ceannairí chun báis.

Éamonn Ceannt agus Tomás Kent (1984)

Labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh le Breandán Feiritéar faoi bheirt a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach na Cásca 1916, Éamonn Ceannt agus Tomás Kent.

Tá an comhrá seo tras-scríofa thíos:

Gearóid Ó Tuathaigh: Beirt a bhí óg, duine acu tríocha cúig a bhí aige agus fear eile ní raibh an leathchéad bainte amach aige agus cuireadh chun báis iad beirt i ndiaidh Éirí amach na Cásca agus díreach taca an ama seo a cuireadh chun báis iad. An bheirt atá i gceist agam ná Éamonn Ceannt, an duine is clúití díobh b’fhéidir, den bheirt, fear a rugadh i nGleann an Mhadaidh i gContae na Gaillimhe ar an 21ú lá Meán Fómhair 1881. Fuair sé oideachas ansin i scoil náisiúnta áitiúil agus ina dhiaidh sin chuir na Bráithre Críostaí oideachas air i mBaile Átha Cliath, North Richmond Street, agus ina dhiaidh sin arís chaith sé tréimhse ag staidéar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chuaigh sé isteach ansin mar chléireach, fuair sé post ar fhoireann Bhardas Bhaile Átha Cliath agus sa mbliain 1900 díreach agus é naoi mbliana déag d’aois chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus rinne sé an-dul chun cinn. Agus ní fada go raibh sé ina mhúinteoir ag an gConradh agus bhí ranganna aige agus toghadh é arís agus arís eile mar bhall den ardchomhairle. Anois ceann de na rudaí ba suntasaí faoi, an cheoltóir ab ea é, ár ndóigh, ar na píopaí uillinn. Agus chuaigh sé in éineacht le grúpa lúthchleasaithe as Éirinn a chuaigh chun na Róimhe in ómós don Phápa díreach ag tús na haoise seo. An Pápa a bhí ann ag an am, Pius a Deich bhí iubhaile aige agus chuaigh grúpa lúthchleasaithe as Éirinn chun na Róimhe in ómós dó. Agus in éineacht leo chuaigh Éamon Ceannt agus é feistithe amach, mar a déarfá, sa chulaith a bhí ann ag an am, agus san kilt agus gach ní aige agus sheinn sé foinn na hÉireann ar na píopaí uillinn don Phápa féin, ar iarratas ón bPápa. Agus seo é an pictiúr de is coitianta a feictear sna leabhair. An pictiúr de feistithe suas agus é ag seinm don Phápa.

Breandán Feiritéar: Cuireann sé sin i gcuimhne dom Tomás Ághas.

Gearóid Ó Tuathaigh: Sin díreach é. Bhuel bhí a lán acu ag an am ag gabháil don rud sin, an dtuigeann tú, bhíodar ag plé le cúrsaí teanga agus cúrsaí ceoil agus le cúrsaí polaitíochta chomh maith mar sa bhliain 1908, chuaigh Éamonn Ceannt le Sinn Féin agus go gairid ina dhiaidh sin, tugadh isteach é mar bhall den chumann rúnda, an IRB, agus toghadh é ina bhall de choiste na nÓglach nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna 1913. Agus bhí baint thábhachtach aige leis na gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair i mí Iúil i 1914. Anois bhí sé páirteach in Éirí Amach 1916, ár ndóigh, ba é a bhí ina cheannfoirt in san South Dublin Union sa bhliain 1916, agus bhí sé ar na daoine a shínigh Forógra na Cásca, is mar gheall air sin is mó a bheadh cuimhne ar na daoine in Éirinn air. Cuireadh triall air sa chúirt airm ina dhiaidh sin ár ndóigh i ndiaidh an Éirí Amach. Daoradh chun báis é agus scaoileadh é, sé sin le rá cuireadh chun báis é le gunnaí i bpríosún Chill Mhaighneann an t-ochtú lá de Bhealtaine 1916. Anois, an fear eile den sloinne céanna, is coitianta go n-úsáidtear leagan Béarla den sloinne agus is é sin Thomas nó Tomás Kent. Tá cúpla rud spéisiúil faoin bhfear seo. An rud b’fhéidir is tábhachtaí ná gurbh é an t-aon duine a bhí bainteach, d’fhéadfá a rá le hÉirí Amach 1916 a cuireadh chun báis taobh amuigh do Bhaile Átha Cliath. Sé sin gur cuireadh ar a thriail é agus gur cuireadh chun báis é taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. br> Anois teaghlach an-náisiúnta ab ea an teaghlach áirithe seo lenár bhain sé, agus bhí sé féin agus deartháireacha leis páirteach ins sna hÓglaigh agus bhíodar ag súil le horduithe um Cháisc 1916. Agus d’fhanadar ag baile ag súil leis na horduithe go dtí gur tháinig an RIC, scata díobh mórthimpeall ar an teach agus thimpeallaigh siad an teach. An áit inar chónaigh siad, dála an scéil, ná Caisleán Uí Liatháin i gContae Chorcaí. Agus tharla scliúchas ansin agus gortaíodh cuid de dheartháireacha Thomas Kent ach in san scliúchas maraíodh póilín amháin, fear darb ainm William Roe. Agus ina dhiaidh, ár ndóigh, gabhadh an teaghlach ar fad agus is spéisiúil an rud a tharla dóibh ar fad, tabharfaidh mé an liosta duit. Liam, cuirim i gcás, deartháir amháin le Thomas Kent, cuireadh i bpríosún é i bpríosún Chorcaí ach cuireadh ar a thriail é agus fuaireadh neamhchiontach é, sé sin níor gearradh aon téarma fada air. Daithí, an deartháir eile, bhí seisean gortaithe in san choimhlint, gabhadh é agus daoradh chun báis é ach bhí sé i ndrochchaoi ceart ó thaobh na sláinte de agus mar sin cuireadh an bás ar athló nó cuireadh siar é. Ina dhiaidh sin, socraíodh nach gcuirfí chun báis é ach go ngearrfaí téarma príosúin air. Príosún lena bheatha a bhí gceist i gceann amháin ach ina dhiaidh sin scaoileadh amach é nuair a bhí an amnesty ann i lár na bliana 1917, i mí an Mheithimh. Ansin Risteard, deartháir eile de Thomas Kent, bhí seisean gortaithe go dona in san eachtra sin agus fuair sé bás cúpla lá ina dhiaidh sin ar an gceathrú lá de Bhealtaine 1916 in san ospidéal i Mainistir Fhear Maí. Agus maidir le Tomás féin, bhí seisean ar a theitheadh agus é ag iarraidh na cosa a thabhairt leis nuair a tháinig an póilín seo, William Roe, air agus scaoil sé é agus fuair Roe bás. Gabhadh Tomás Kent, agus cuireadh i bpríosún é. Agus daoradh chun báis é agus scaoileadh é i mbeairic na saighdiúirí i gCorcaigh ar an naoú lá de Bhealtaine 1916. Anois, tá sé ráite ina thaobh gur iarr sé nach Éireannach a scaoilfeadh é, pé duine eile a scaoilfeadh é, pé duine eile a mharódh é, d’iarr sé go speisialta nach ndéanfadh Éireannach ar bith é agus ní fios cé acu ar tugadh aird ar a iarratas nó nár tugadh.

Frank Ryan (10/06/1985)

San eagrán seo den tsraith chlár An Taca Seo labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh faoin bpoblachtánach agus an sóisialach, Frank Ryan, a rugadh i gCo. Luimnigh i 1902. D’fhreastail sé ar Ollscoil Bhaile Átha Chliath agus bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach. Clúdaítear a thréimhse san IRA, an ról a bhí aige mar eagarthóir ar An Phoblacht, agus an Chomhdháil Phoblachtach - an eagraíocht a bhunaigh Ryan in éineacht le Peadar Ó Dónaill agus George Gilmore i 1934. Throid sé i gcogadh cathartha na Spáinne (1936-1939) agus d’imigh uaidh sin chun na Gearmáine. Bhásaigh sé de bharr eitinne in Dresden na Gearmáine sa bhliain 1944.

Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar chomóradh 1976 (29/04/1976)

Sa mhír seo, labhraíonn Seán Ó Tuairisg faoin mórshiúl a d’eagraigh Sinn Féin agus na Sealadaigh ar Shráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, in Aibreán na bliana 1976, mar chomóradh 60 bliain ar Éirí Amach na Cásca. D’fhógair rialtas an lae go raibh an mórshiúl mídhleathach, agus ag an ócáid roinn an Dr. David Thornley, Teachta Dála le páirtí an Lucht Oibre, ardán le Ruairí Ó Brádaigh agus Daithí Ó Conaill, baill de Shinn Féin. Sa mhír chéanna, labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh, léachtóir le stair i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe [OÉ Gaillimh], faoi chomhthéacs na heachtra. Fiosraíonn sé na haidhmeanna a bhí ag na Sealadaigh a bhí ag máirseáil, an fáth ar fógraíodh go raibh an ócáid mídhleathach, agus céard í an chéad chéim eile don rialtas. Maíonn Ó Tuathaigh gur mhothaigh na Sealadaigh gur ag tabhairt ómóis do laochra na Cásca a bhí siad agus á gcur féin chun cinn mar oidhrí pholaitíochta na laochra sin. Ceistíonn sé freisin an ndeachaigh an rialtas thar fóir agus iad ag iarraidh cosc a chur leis an bparáid. Mar thoradh ar an eachtra, díbríodh David Thornley ó pháirtí parlaiminte an Lucht Oibre agus fuair an Dr Cruise-O’Brien an lámh in uachtar sa pháirtí. Chomh maith leis sin, cuireadh le próifíl na Sealadach ó dheas agus ba dhearbhú é an mórshiúl i súile na n-aontachtach ó thuaidh go raibh tacaíocht ag na Sealadaigh sa Phoblacht.

Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar Éirí Amach na Cásca (22/04/1976)

Sa chlár seo (An tSeachtain Seo), a craoladh ar an 22 Aibreán 1976, labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh le Seán Ó Tuairisg faoi Éirí Amach na Cásca. Pléitear comhthéacs an Éirí Amach, an Bille Rialtais Dúchais, cuspóirí na gceannairí i 1916, olltoghchán 1918 agus an Chéad Dáil, agus traidisiún an Phoblachtachais.

Gearóid Ó Tuathaigh agus Liam Ó Dochartaigh (Gan Dáta)

Sa chlár seo, [0:00 to 14:27] tá Gearóid Ó Tuathaigh ag caint le Breandán Feiritéar faoi Éirí Amach na Cásca, faoi choincheap na híobairte agus faoi thionchar an Éirí Amach ar stair na tíre. Déanann an láithreoir iontas go bhfuil a laghad staidéir agus taighde déanta ar an Éirí Amach in Éirinn, i gcomparáid le réabhlóidí eile (réabhlóid na Fraince, mar shampla). Ina dhiaidh sin, pléann Liam Ó Dochartaigh an tÉirí Amach, agus díríonn sé ar dhá thaifead scríofa a d’fhág Tomás Bairéad agus Colm Ó Gaora. Léann sé amach an cur síos fileata a rinne an Gaorach ar Sheán Mac Diarmada nuair a casadh dó é ag an Oireachtas i nGaillimh i 1913. Labhraíonn sé faoi na difríochtaí idir na hÓglaigh sa chathair agus na hÓglaigh sa chontae. I 1913 bhí cruinniú i Halla na Cathrach i nGaillimh le díorma de na hÓglaigh a bhunú i gceantar na Gaillimhe. Bhí an Piarsach agus Ruairí Mac Easmainn ann – ach ní mórán Óglach a bhí i láthair le hais cruinniú mór a d’eagraigh Liam Ó Maoilíosa i mBaile Áth an Rí inar measadh go raibh os cionn 800 duine ann. Murach Óglaigh an cheantair sin agus na nparóistí eile thart timpeall, ní bheadh Éirí Amach ar bith ann i nGaillimh.

Labhraítear faoin Éirí Amach siar ó chathair na Gaillimhe. Cé nach raibh captaen ar Óglaigh Mhaigh Cuilinn - mar gur gabhadh an ceannaire, Marcus de Búrca, nuair a chuadar ag máirseáil Lá Fhéile Pádraig na bliana sin – bhí a gcuid orduithe tugtha dóibh. Bhí siad leis an mbeairic (agus na gunnaí laistigh), teach an phoist agus stáisiún na traenach a thógáil ar lámh, agus bualadh le hÓglaigh an Spidéil agus Bhearna i gcathair na Gaillimhe. Ansin bhí siad le beairic na ‘bPeelers’ ar Shráid Eglinton a thógáil, chomh maith le beairic Shráid Dominic agus Beairic an Airm ar an Rinn Mhór. Bhí orthu dul go Baile Átha Luain ansin. Ceaptar nár tharla mórán i gConamara, le hais cheantar an Eachréidh, mar, toisc an caidreamh a bhí ag an bPiarsach le Ros Muc agus Conamara, bhí Óglaigh an Ghaoraigh faoi cheannas an Phiarsaigh agus Liaim Uí Mhaoilíosa. Déanann Liam Ó Dochartaigh cur síos freisin ar an gcaoi ar chaith Colm Ó Gaora maidin an Éirí Amach.

Léacht Uí Thuathaigh ag Oireachtas 1976 (02/09/1976)

Tugann Gearóid Ó Tuathaigh, staraí, léacht faoi Éirí Amach na Cásca ag Oireachtais 1976. Déanann sé comparáid idir comóradh an leathchéid, i 1966, agus an comóradh - nó a laghad comórtha – atá á dhéanamh i 1976. Maíonn sé go bhfuiltear anois ag ceistiú an Éirí Amach agus ceannairí an Éirí Amach agus á luchtú. Deir sé go mbreathnaítear orthu anois mar fhir uaisle ach nach raibh sé indéanta na cuspóirí a bhí acu a bhaint. Labhraíonn sé faoi chúlra an Éirí Amach, faoin tacaíocht a bhí á tabhairt ag Parlaimint na Breataine don Rialtas Dúchais agus faoi dhearcadh na n-aontachtaithe i gCúige Uladh ina leith seo. Pléitear Óglaigh na hÉireann, Arm Cathartha na hÉireann (ICA), agus a mbunaitheoirí, a bhí ag maíomh nach raibh siad ach ag aithris ar Óglaigh Uladh agus an UVF sa tuaisceart. Dar le Ó Tuathaigh, bhí trí phríomh-ghné ag baint le hidé-eolaíocht an Éirí Amach – aisling Uí Chonghaile, aisling an Phiarsaigh, agus an sean-chreideamh Fíníneach. Cé go raibh lorg Uí Chonghaile ar Fhorógra na Poblachta, maíonn Ó Tuathaigh gur doiciméad Fíníneach a bhí ann – agus nach raibh aon cheo faoi shóisialachas Uí Chonghaile ná faoi réabhlóid chultúrtha an Phiarsaigh san Fhorógra.

Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #1 (03/09/1975)

Ó Tuathaigh ag trácht ar Éamon de Valera #2 (03/09/1975)

Déanann Gearóid Ó Tuathaigh, a bhí mar léachtóir le stair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, cur síos ar shaol agus ar shaothar Éamon de Valera, a rugadh i Nua-Eabhrac in 1882. Chuaigh a mháthair, Caitríona Ní Cholla as Brú Rí i gCo. Luimnigh, go Meiriceá in 1879. Is ann a phós sí Juan Vivion de Valera, ealaíontóir as an Spáinn, in 1881. Rugadh Éamonn de Valera bliain ina dhiaidh sin. Cláraíodh mar George de Valera é ar dtús, agus ansin Edward, in ómós d’uncail Chaitríona a thaistil léi go Meiriceá. Bhásaigh Juan Vivion de Valera in 1885, agus d’fhill an chlann ar Éirinn agus ar ais go Brú Rí.

Is beag maoin a bhí acu, ach d’éirigh go maith le de Valera sa scoil agus fuair sé scoláireacht chuig Coláiste na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath, in 1898. Fuair sé an-chúnamh ó na sagairt ansin, agus chomhairligh siad dó céim a bhaint amach. Is san ollscoil a chur sé spéis i scríbhneoireacht Airt Uí Ghríofa. Chaith sé bliain ag múineadh i gCarn Tobair, Co. Thiobraid Árann, sular fhill sé arís ar Bhaile Átha Cliath, agus is ó 1905 ar aghaidh a thosaigh sé ag gníomhú sa pholaitíocht. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, agus is ann a chuir sé aithne ar Phádraig Mac Piarais agus ar Thomás Mac Donnchadha. Is i gConradh na Gaeilge freisin, fad a bhí sé ag freastal ar Choláiste Laighean (a bhí ann le hoiliúint sa Ghaeilge a chur ar mhúinteoirí) a chur sé aithne ar Shinéad Ní Fhlannagáin, an bhean a phós sé i 1910.

Chláraigh sé leis na hÓglaigh i 1913, agus go gairid ina dhiaidh sin tugadh cuireadh dó isteach san IRB. Léirigh sé a chumas míleata san Éirí Amach i 1916. Throid sé de réir rialacha an chogaidh, agus bhí meas ag a chuid saighdiúirí air. Is mar phríosúnach i Sasana a chuaigh sé go mór i bhfeidhm orthu siúd a bhí le bheith ag troid i gCogadh na Saoirse ina dhiaidh sin. Thug sé misneach dá chomrádaithe. Dar le Ó Tuathaigh, bhí de Valera muiníneach ina chuid tuairimí, bhí cur chuige teoiriciúil aige, agus ní minic a chuireadh daoine ina choinne.

Léirigh a stíl óráidíochta poiblí le feiceáil i bhfothoghchán an Chláir i 1917. Bhíodh sé de nós aige tosú i nGaeilge mar, dar leis, nach raibh sé ceart óráid stairiúil a thabhairt i “dteanga na namhad”. Leanadh sé ar aghaidh i mBéarla tar éis cúpla abairt Ghaeilge. Léirigh sé a chumhacht agus a ghradam nuair a chuir sí ina luí ar an Eaglais i Maigh Nuad gan glacadh le coinscríobh i 1918. Dúirt easpag amháin ina dhiaidh, agus é ag trácht ar chuairt de Valera orthu, go raibh sé ar nós gur tháinig an Spiorad Naomh anuas ina measc.

Chuaigh sé go Meiriceá tar éis dó éalú as príosún Lincoln, agus luann Ó Tuathaigh go raibh sé as baile le linn tréimhse an-chinniúnach – Cogadh na Saoirse – nuair a bhí ceannairí míleata ar nós Mhíchíl Uí Choileáin freagrach as gluaiseacht na poblachta. Luaitear an teannas a bhí ann idir Ó Coileáin agus de Valera nuair a d’fhill sé ar Éirinn arís. Faoin am sin bhí Cogadh na Saoirse ag dul in olcas. Maíonn Ó Tuathaigh go raibh an Coileánach níos eolaí ná aon duine eile sa tír ar neart míleata na nÓglach nuair a thug sé a bhreithiúnas gur cheart sos cogaidh a thapú. Ba chinneadh cinniúnach freisin a bhí ann nuair a d’fhan de Valera in Éirinn le linn chainteanna an Chonartha i Westminster. Luann Ó Tuathaigh go raibh aithne ag de Valera agus Lloyd George ar a chéile. Thuig Lloyd George an náisiúnachas mar go raibh sé féin ar son rialtas dúchais don Bhreatain Bheag sula ndearna sé státaire impiriúil as féin i Westminster. Maidir leis na cainteanna faoin gConradh, bhí sé i gceist go rachfaí i dteagmháil le de Valera faoi théarmaí an Chonartha sular síníodh aon cheo. Ach ní raibh dóthain cumarsáide idir na toscairí agus de Valera, agus nuair a chuireadar a n-ainm leis na téarmaí, ní raibh aon ghlacadh aige leo.

I gcuid a dó de chur síos Ghearóid Uí Thuathaigh ar shaol agus ar shaothar Éamon de Valera, díríonn an staraí ar an tréimhse ina shaol ó Bhealtaine 1923 ar aghaidh. Is ag an am sin a thug sé an t-ordú do na poblachtaigh a gcuid arm a chaitheamh uathu agus deireadh a chur leis an gCogadh Cathartha. Pléitear an scoilt le Sinn Féin i 1926, agus go raibh mianta Fhianna Fáil — teanga, talamh agus eacnamaíocht — ag teacht le fís Airt Uí Ghríofa. Labhraíonn Ó Tuathaigh faoi dhílseacht a lucht leanúna — sheas a chairde móra leis i gcónaí, daoine ar nós Frank Aiken, Seán Mac an tSaoi, Seán Lemass, Paddy Smith, Erskine Childers Óg, agus Seán T. Ó Ceallaigh. Ba dhaoine láidre, neamhspleácha a bhí iontu seo nár cheistigh go poiblí é, agus léiriú ba ea é seo ar an gcaoi ar thug de Valera daoine leis, ar a charasma, agus ar an meas a bhí acu air.

Thóg de Valera an mhóid dílseachta i 1927. Pléann Ó Tuathaigh an caidreamh a bhí idir é agus an tIRA — mar Thaoiseach i 1932 bhí sé dian orthu — agus an ghráin a bhí acu air, níos mó fiú ná ar an Saorstát féin. Maidir leis na Sé Chontae, ba léir nár thuig James Craig agus de Valera a chéile, nó sin nach raibh de Valera in ann aon fhriotal a aimsiú ina chuid cumarsáide a rachadh i gcionn ar Craig. Ina pholasaí i leith an Tuaiscirt, d’fhéach sé ar an tír mar aonad tíreolaíochta, seachas mar phobal, agus bhí sé seo le feiceáil ina chuid meafar (four green fields mar shampla). Mar thoradh air seo, níor thug sé dóthain airde ar mheon aontachtaithe Uladh. Síleann Ó Tuathaigh gur chuir de Valera an dualgas ar an mBreatain ceist an Tuaiscirt a réiteach, ar bhealachm, mar gur fadhb na Breataine a bhí inti.

Bhí grá aige don Ghaeilge, agus ba chuid bhunúsach dá phearsantacht mar Éireannach an teanga a bheith aige. Ach, le hais cúrsaí bunreachtúla agus geilleagracha, níor tháinig gníomh ceart uaidh le réabhlóid teanga a chur ar bun. Deir Ó Tuathaigh go raibh go leor den reitric bhréagchráifeach i gceist – cur síos ar an idéal Éireannach nuair a bhí báid lán le daoine ag imeacht ar imirce — seachas gníomh praiticiúil.

Déantar codarsnacht sa léacht idir de Valera agus Seán Lemass, a tháinig i gcomharbacht air mar Thaoiseach. Labhraítear, ag deireadh na míre, faoi chreideamh Caitliceach de Valera. Maíonn Ó Tuathaigh gur raibh dílseacht agus cráifeacht ina chreideamh pearsanta féin, ach gur thuig sé freisin, mar phoblachtánach, gur bhain sé le traidisiún a bhí neamhspleách ar an Eaglais siar chomh fada le 1798.

Súil Siar ar Éirí Amach na Cásca 1916 (06/04/1972)

Tá Gearóid Ó Tuathaigh ag caitheamh súil siar ar roinnt d’imeachtaí Éirí Amach na Cásca 1916 sa chlár seo. Déantar trácht ar chúiseanna agus ar chomhthéacs an Éirí Amach. Labhraíonn Ó Tuathaigh faoi shínitheoirí an Fhorógra, céard a bhí uathu agus cén toradh a bhí ar an ngníomh.

Seosamh Ó Cuaig

Agallamh le Seosamh Breathnach (13/11/1985)

San eagrán seo den tsraith chlár Seo Mar a Bhí cuireann Seosamh Ó Cuaig agallamh ar Sheosamh Breathnach (Josie Johnny Walsh), as Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe. Déanann Breathnach trácht ar an tionchar a bhí ag Cogadh na Saoirse air féin agus ar a mhuintir. Bhí sé ina ghasúr óg ag am, ach bhí deartháireacha leis sna hÓglaigh. Bhí ceann acu, Cóilín, ag seachaint na bpóilíní mar gheall ar eachtra a tharla idir é féin agus fear áitiúil  a bhí in arm Shasana. Nuair a d’fhill an fear seo ar an mbaile, thosaigh sé ag ól, agus mar go raibh Cóilín sna hÓglaigh, d’ionsaigh sé oíche amháin é. Mhaígh an fear gurb é Cóilín a rinne an t-ionsaí, agus tháinig sáirsint de chuid an RIC i gCarna, darbh ainm Pryall, chuig an teach chun é a ghabháil. Níor éirigh leis agus d’éalaigh Cóilín. Deir Breathnach go mbíodh faitíos ar lucht an RIC mar go mbaintí díoltas as a gcuid ban sa bhaile dá n-ionsófaí muintir na háite. Tugann sé le fios, freisin, gur beag trócaire a bhí aige do spíodóirí.

Léacht Sheosaimh Uí Chuaig faoi Cholm Ó Gaora (29/05/1976)

Tugann Seosamh Ó Cuaig léacht faoin Óglach Colm Ó Gaora, as Ros Muc, le linn Éigse Ros Muc. Scríobh an Gaorach an leabhar Mise, a foilsíodh i 1943, faoina shaol mar bhall de na hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. Ba uncail é Colm Ó Gaora le máthair Sheosaimh. Bhí sé ina oifigeach airm ar Chomplacht Ros Muc d'Óglaigh na hÉireann i 1920 agus ina cheannaire ar bhriogáid Chonamara Thiar. Pléitear scríbhneoireacht Choilm, na tréimhsí a chaith sé i bpríosúin éagsúla, agus an teanga agus Conradh na Gaeilge.

Seosamh Ó Cuaig ag Éigse Ros Muc (02/04/1991)

Is mír fuaime í seo ón gclár Adhmhaidin, a craoladh ar 2 Aibreán 1991. Tugann Seosamh Ó Cuaig óráid ó Theach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, mar chuid d’Éigse Ros Muc. Déanann sé trácht ar stair réabhlóideach Ros Muc agus ar mhuintir Ros Muc. Dar leis, is beag éirí amach a tharla ó 1798 nach raibh baint éigin ag muintir Ros Muc leis. Luann sé an bhliain 1880 go sonrach, nuair a d’éirigh muintir na Ceathrún Rua, Co. na Gaillimhe, amach ina aghaidh na dtiarnaí talún, in eachtra ar a dtugtar Cath na Ceathrún Rua. Tháinig scata daoine as Ros Muc chomh fada leis an gCeathrú Rua an lá dár gcionn le tacú le muintir an bhaile. Ina measc siúd a tháinig bhí Seán Ó Gaora. Insíodh scéal an Chatha do Phádraig Mac Piarais nuair a thug sé cuairt ar Ros Muc ag tús an chéid seo caite. Labhraíonn Ó Cuaig freisin faoi chúrsaí polaitíochta na linne agus riachtanais na Gaeltachta. Léitear dán an Phiarsaigh, Mise Éire, ag deireadh an chláir.