James Stevens (26/12/1986)

Item

Teideal
James Stevens (26/12/1986)
Cur Síos
Scríbhneoir den chéad scoth ab ea James Stephens, a scríobh na leabhair The Charwoman’s Daughter agus The Crock of Gold. Bhí fantaisíocht, fealsúnacht, greann agus éagsúlacht carachtair mar théamaí iontu. D’admhaigh sé féin go ndeachaigh Lord Dunsany (Edward Plunkett) go mór i bhfeidhm air. Chuaigh Éirí Amach 1916 go mór i bhfeidhm air freisin, agus bhuail taom tírghrá é ina dhiaidh. Chláraigh sé le Conradh na Gaeilge agus d’fhreastail sé ar ranganna Gaeilge. Chuir sé spéis i mbéaloideas na hÉireann agus i litríocht ársa na tíre, agus is orthu siúd a bhí na chéad trí leabhar eile a d’fhoilsigh sé ina dhiaidh sin bunaithe – Deirdre, Irish Fairy Tales agus In the Land of Youth. Chuir sé a chruth féin ar na scéalta. Bhí an-éileamh ar na leabhair ag an am. Chuaigh sé go Sasana agus ansin go Meiriceá. Ag obair don BBC i Londain ag cur cláir filíochta i láthair a bhí sé an bhliain ar cailleadh é, 1950, 36 bliain díreach sular craoladh an mhír fuaime seo.
Léiritheoir
Ní Ghlinn, Áine
Dáta
26-12-1986
Tréimhsí Ama
24/04/1916-29/04/1916: Éirí Amach na Cásca
06/02/1880-26/12/1950: James Stevens
Raon Tíreolaíochta
Baile Átha Cliath
Londain, Sasana
Fad na Míre
00:03
Contae
Contae Bhaile Átha Cliath
Ábhar na Míre
James Stevens
Éirí Amach na Cásca
Lord Dunsany
Aitheantóir
18605
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim