Teach Mór an Spidéil (Gan Dáta)

Item

Teideal
Teach Mór an Spidéil (Gan Dáta)
Achoimre
George Morris ar Wikipedia Tuairisc ar bhás George MorrisTeach an Spidéil ar shuíomh Buildings of Ireland
Cur Síos
Tá muintir Chill Aithnín, Tiarnaí Talún an Spidéil, Co. na Gaillimhe, faoi chaibidil sa chlár seo, atá curtha i láthair ag Maidhc P. Ó Conaola. Tá Teach Mór an Spidéil le díol, agus áirítear teampall Protastúnach an Spidéil, maoirseacht na habhann agus an cháil a bhí ar mhuintir Chill Aithnín mar Thiarnaí Talún sa phlé. I measc na n-aíonna a ghlacann páirt tá Pete Sheáin Phatch Ó Cualáin, Johnny Joe Mharcuis Ó Curraoin, Joe Johnny Aindriú Ó Neachtain agus Seán Ó Neachtain. Luaitear sa chaint an Cogadh Mór agus an Dara Cogadh Domhanda, chomh maith le harm agus cabhlach na Breataine.
Ag labhairt dó faoi George Morris, coirnéal in Arm na Breataine a maraíodh sa Chogadh Mór, chuala Johnny Joe Mharcuis, a bhíodh ag obair do thiarnaí Chill Aithnín sa Spidéal, gur duine dá chuid saighdiúirí féin a mharaigh George Morris. Mhothaigh na saighdiúirí go raibh siad ró-fhada ag troid, go raibh siad ró-lag agus dá marófaí Morris go mbeadh seans níos fearr acu éalú. Luadh freisin go raibh fear as an Spidéal, Séamus Rua Ó Concheanainn as Sáile Chuanna, sa reisimint ag Morris. Nuair a maraíodh Morris d`fhág Ó Concheanainn an tArm agus liostáil sé sa chabhlach. Maraíodh é go gairid ina dhiaidh sin nuair a chuir fomhuireán a long go tóin poill. Maidir le Teach an Spidéil, dódh i 1922 é mar gheall go raibh sé i gceist Arm an tSaorstáit a chur isteach ann. Níor ceapadh gur le holc do na Muiriseachaí a lasadh é. Moladh sa chaint gur chóir don choiste áitiúil an teach a cheannach agus é a úsáid mar áis turasóireachta. Luaitear stair chéibh an Spidéil freisin.
Léiritheoir
Ó Conaola, Maidhc P.
Aoi
Ó Cualáin, Peadar (Pete Sheáin Phatch)
Ó Curraoin, Seán (Johnny Joe Mharcuis)
Ó Neachtain, Seosamh (Joe Johnny Aindriú)
Ó Neachtain, Seán
Dáta
Gan Dáta
Tréimhsí Ama
1810: Tógadh Teach an Spidéil
01/09/1914: Maraíodh George Morris sa gCogadh Mór
1922: Dódh Teach an Spidéil sa Chogadh Cathartha
Raon Tíreolaíochta
Teach Mór an Spidéil, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Rond de La Reine, An Fhrainc
Saile Chuanna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Fad na Míre
00:31
Contae
Contae na Gaillimhe
Ábhar na Míre
Tiarnaí Talún
Teach Mór an Spidéil
An Cogadh Mór
An Cogadh Cathartha
Na Muiriseachaí
George Morris
Aitheantóir
32218
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim