-
Teideal
-
Luíochán Upton (Gan Dáta)
-
Achoimre
-
Cathal Ó Muirthile ar Wikipedia
-
Cur Síos
-
Déanann Pádraig Ó Snodaigh cur síos sa chlár seo ar an luíochán mór le rá a tharla i stáisiún traenach Gharraí Thancaird (Upton), Co. Chorcaí ar an 15 Feabhra 1921. Roinnt laethanta roimhe sin d’éirigh leis an IRA gunnaí agus piléir a thabhairt leo i ruathar ar thraein in aice leis an Driseán Beag, Co. Chorcaí, inar maraíodh saighdiúir de chuid arm na Breataine. Ag súil go ndéanfadh siad amhlaidh arís, dhírigh Cathal Ó Muirthile ar Gharraí Thancaird, ach tubaiste a bhí sa ruathar. Ghlac 14 Óglach páirt ann. Ní raibh ach 7 gcinn de ghunnaí acu eatarthu. Bhí beirt Óglach in ainm a rá leis an lucht ionsaithe cá raibh na saighdiúirí Sasanacha ina suí, ach níor éirigh leo é sin a dhéanamh. Anuas air seo, chuaigh 50 saighdiúir eile ar an traein sular shroich sí Garraí Thancaird, agus scaip siad ar fud na traenach. Chonaic Óglach amháin na saighdiúirí ag dul ar an traein, ach is ar rothar a bhí sé agus níor éirigh leis Garraí Thancaird a bhaint amach in am leis an scéal a insint do na hÓglaigh. Bhí na saighdiúirí Sasana níos oilte ná na hÓglaigh. Tosaíodh ag lámhach agus maraíodh seisear paisinéirí (ní fios cé a mharaigh iad) agus triúr Óglach – Pádraig Ó Súilleabháin, Seán Ó Faoláin agus Beairtle de Failbhe. Bhuail duairceas Ó Muirthile ina dhiaidh sin – chuir sé an milleán air féin – agus maraíodh é féin go gairid tar éis an luíocháin (Márta 1921).
-
Léiritheoir
-
Feiritéar, Breandán
-
Aoi
-
Ó Snodaigh, Pádraig
-
Dáta
-
Gan Dáta
-
Tréimhsí Ama
-
15/02/1921: Luíochán Gharraí Thancaird
-
11/02/1921: Luíochán an Driseáin Bhig
-
Raon Tíreolaíochta
-
Garraí Thancaird, Co. Chorcaí
-
An Driseán Beag, Co. Chorcaí
-
Fad na Míre
-
00:09
-
Ábhar na Míre
-
Luíochán Gharraí Thancaird
-
Cogadh na Saoirse
-
Airm
-
Arm na Breataine
-
Cathal Ó Muirthile
-
Aitheantóir
-
40956
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim