Agallamh le Séamus Máirtín (14/07/1975)

Item

Teideal
Agallamh le Séamus Máirtín (14/07/1975)
Achoimre
Traolach Mac Suibhne ar ainm.ie
Cur Síos
Cuireann Mícheál Ó Sé agallamh ar Shéamus Máirtín (14 Iúil 1975), gréasaí as na Gorta Dubha, ina ndéantar cur síos ar na Dúchrónaigh i gCorca Dhuibhne. ‘Criminals’ a bhí iontu, dar leis, agus iad tar éis marú, goid agus fuadach a dhéanamh i Sasana sular cuireadh go hÉirinn iad. Bhí eagla ar an bpobal rompu, agus dar leis, chuirfí piléar ionat dá labhrófá amach ina n-aghaidh. Thógaidís daoine ó Bhaile an Fheirtéaraigh agus ón Daingean agus thugaidís go Lios Póil iad. Dhóigh siad tithe sa cheantar, ina measc teach Sheáin Uí Mhuircheartaigh ar an droichead sa Daingean. Cé nár mharaigh siad ach fear amháin as Abhainn an Scáil, bhídís ag bualadh daoine. Déanann sé trácht ar fhear ar ionsaigh na Dúchrónaigh é, agus, murach bean ón Daingean a tháinig i gcabhair air, bheadh an fear maraithe acu. Luann sé bunús an fhocail ‘Dúchrónach’ nó ‘Black and Tan’ – mar gur dubh agus crón a bhí ar dhath na héide. Labhraíonn sé freisin faoin lá ar chuala sé gur cailleadh Traolach Mac Suibhne i Londain Shasana.
Léiritheoir
Ó Sé, Mícheál
Aoi
Máirtín, Séamus
Dáta
14-07-1975
Tréimhsí Ama
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
25/10/1920: Bás Traolach Mac Suibhne
Raon Tíreolaíochta
Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
An Daingean, Co. Chiarraí
Lios Póil, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí
Fad na Míre
00:05
Contae
Contae Chiarraí
Ábhar na Míre
Na Dúchrónaigh
Corca Dhuibhne
Traolach Mac Suibhne
Aitheantóir
42673
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim
Site pages
Na Cuimhní Cinn