Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #1 (15/09/1973)

Item

Teideal
Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #1 (15/09/1973)
Achoimre
Colm Ó Gaora ar ainm.ie
Cur Síos
Tugann Máirtín Ó Fátharta tuairisc ghearr ar shaol Choilm Uí Ghaora (1887-1954) as Ros Muc, bunaithe ar an leabhar Mise a scríobh an Gaorach. Foilsíodh é i 1943. Is leabhar é faoina shaol sna hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. Cuirtear a mhac, Piaras Ó Gaora, faoi agallamh freisin [14:00]. Is cosúil go raibh rún ag Colm Ó Gaora leabhar eile a scríobh ina dhiaidh sin, ach theip ar a shláinte sula raibh deis aige é a chríochnú. Bhí nótaí déanta amach aige ar Chogadh na gCarad agus ar a chuid ama i Meiriceá. Labhraíonn Piaras faoi shaol Choilm tar éis an chogaidh, agus an tréimhse a chaith sé mar imirceach i Meiriceá.

Tá mír fuaime eile sa gcartlann (21391) faoin ábhar seo.
Léiritheoir
Ó Fátharta, Máirtín
Aoi
Ó Gaora, Piaras
Dáta
15-09-1973
Tréimhsí Ama
1887-1954: Colm Ó Gaora
1943: Foilsíodh Mise
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
Raon Tíreolaíochta
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Fad na Míre
00:23
Contae
Contae na Gaillimhe
Ábhar na Míre
Colm Ó Gaora
Cogadh na Saoirse
Mise
Aitheantóir
50347
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim