Agallamh le Seán Dillon (11/11/1998)
Item
-
Teideal
-
Agallamh le Seán Dillon (11/11/1998)
-
Cur Síos
-
Cuireann Helen Ní Shé agallamh ar Sheán Dillon, atá ag ceiliúradh a lá breithe ar lá an chraolta – tá sé 100 bliain d’aois. Déantar cur síos ar a shaol, ar an scoil i nDún Géagáin, ar a chuid oibre, agus ar an saol fadó. Luaitear Cogadh na Saoirse agus an pháirt a ghlac sé ann. Bhí Seán sna hÓglaigh i gCiarraí, agus labhraíonn sé faoi na Dúchrónaigh sa cheantar. Bhí go leor de mhuintir na háite sna hÓglaigh agus is beag a chuir na Dúchrónaigh as do mhuintir na háite, dar leis. Déanann sé cur síos ar a bheith ag druileáil le gunnaí adhmaid de bhrí nach raibh gunnaí cearta acu freisin. Bhíodh na hÓglaigh ag déanamh rudaí éagsúla le cur as d’fhórsaí na Breataine. Ceann de na rudaí a raibh baint ag Dillon leo ná bóithre an cheantair a réabadh ionas nach mbeadh na Dúchrónaigh in ann a gcuid leoraithe a úsáid.
-
Léiritheoir
-
Ní Shé, Helen
-
Aoi
-
Dillon, Seán
-
Dáta
-
11-11-1998
-
Tréimhsí Ama
-
1898: Rugadh Seán Dillon
-
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
-
Raon Tíreolaíochta
-
Dún Géagáin, Co. Chiarraí
-
Fad na Míre
-
00:26
-
Contae
-
Contae Chiarraí
-
Ábhar na Míre
-
Na Dúchrónaigh
-
Na hÓglaigh
-
Cogadh na Saoirse
-
Aitheantóir
-
55158
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim