-
Teideal
-
T.P. Ó Néill ag trácht ar Dhialanna Mhic Easmainn (29/03/1994)
-
Achoimre
-
Ruairí Mac Easmainn ar an Vicipéid
-
Cur Síos
-
Go gairid sular craoladh an mhír seo cuireadh dialanna Ruairí Mhic Easmainn ar taispeáint den chéad uair in Oifig na dTaifead Poiblí i Londain. Labhraíonn Seán Ó Cuirreáin le T.P. Ó Néill faoi na dialanna. Pléitear ábhar na ndialanna, fiafraítear ar scríobh Mac Easmainn iad nó ar cumadh iad, agus ceistítear cén úsáid a baineadh astu mar ábhar poiblíochta agus bolscaireachta. Rinne Rialtas na Breataine na dialanna, ina raibh cur síos ar eachtraí homaighnéasacha Mhic Easmainn iontu, a chraobhscaoileadh tar éis a ghafa i 1916. Rinneadh é seo chun droch-cháil a tharraingt ar Mhac Easmainn agus a chuid polaitíochta. Luaitear sa chomhrá an leabhar a d’fhoilsigh Peter Singleton-Gates i 1959 faoi na dialanna, agus an ról a bhí ag an Aimiréal Hall agus Basil Thompson á gcraobhscaoileadh.
Chuir an Rialtas na dialanna chuig an Róimh, ag súil go rachaidís i bhfeidhm ar an bPápa (Benedict XV). Cé go ndeachaigh na dialanna i bhfeidhm ar dhaoine éagsúla thar lear a thacaigh le cúis na bpoblachtánach in Éirinn, dar le T.P. Ó Néill nár chreid formhór mhuintir na hÉireann gur Mac Easmainn féin a scríobh na dialanna. Bhí sé seo amhlaidh le hÉamon de Valera, a cheap go raibh Mac Easmainn “ró-uasal” lena leithéid a scríobh. Luann T.P. Ó Néill go ndúirt Seán Moylan, Aire Oideachais le Fianna Fáil sna 1950í, leis gur chuma leis-sean an fíor nó bréagach a bhí na dialanna, ach gur náisiúnaí agus tírghráthóir a bhí i Ruairí Mac Easmainn.
-
Léiritheoir
-
Ó Cuirreáin, Seán
-
Aoi
-
Ó Néill, T.P.
-
Dáta
-
29-03-1994
-
Tréimhsí Ama
-
21/06/1916-03/08/1916: Ruairí Mac Easmainn sa phríosún
-
29/03/1994: Dialanna Mhic Easmainn ar taispeáint gpoiblí
-
Raon Tíreolaíochta
-
Oifig na dTaifead Poiblí, Londain, Sasana
-
Ábhar na Míre
-
Ruairí Mac Easmainn
-
Dialanna Mhic Easmainn
-
Éirí Amach 1916
-
Aitheantóir
-
24226
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim