Agallamh le hAodh Ó Tuama (11/11/1974)

Item

Teideal
Agallamh le hAodh Ó Tuama (11/11/1974)
Achoimre
Eibhlín Ní Éigearta ar ainm.ie
Cur Síos
Labhraíonn an Corcaíoch, Aodh Ó Tuama, a bhí 84 bliain d’aois nuair a craoladh an mhír seo, le Breandán Feiritéar. Is in aice le Baile Bhuirne a rugadh Ó Tuama, agus déantar cur síos ar a óige agus a shaol sna 1920í. Phós sé bean as Baile Bhuirne [Eibhlín Ní Éigearta] i 1919. Bhíodh Ó Tuama ag obair mar thimire Gaeilge do Chonradh na Gaeilge. Bhí sé páirteach, freisin, i ngluaiseacht na poblachta ag tús an fichiú haois, agus mar sin bhí aithne aige ar phríomh-phearsana na gluaiseachta i gCorcaigh. D’oibrigh sé mar rúnaí do Shinn Féin i dtoghchán 1918 i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath. Is ar fheachtais Liam de Róiste agus JJ Walsh a bhí sé ag obair, agus toghadh an bheirt acu. Bhí sé ag obair freisin le Tomás Mac Curtáin, a togha mar Ard-Mhéara ar Chathair Chorcaí i mí Eanáir 1920. Bhí aithne mhaith acu ar a chéile, agus bhíodh Mac Curtáin ina mhúinteoir taistil freisin in éineacht le Ó Tuama ar feadh scaithimh. Bhí aithne freisin aige ar Thraolach Mac Suibhne. Shiúil sé Contae Chorcaí leis nuair a bhí an bheirt acu ag obair do Shinn Féin, agus thug sé le fios san agallamh nár labhair siad aon fhocal Béarla lena chéile.

Déanann Ó Tuama trácht ar eachtra a tharla dó oíche amháin, i mí na Samhna 1920, i stáisiún traenach i Móta Ghráinne Óige ar a bhealach abhaile go Baile Átha Luain. Agus é ag fanacht leis an traein, tháinig beirt Dúchrónach chuige, agus cheistíodar é. Ba léir nach ró-shásta a bhí siad lena chuid freagraí, mar thógadar ar leataobh é, agus dúradar leis go raibh an bás i ndán dó. Cheap sé go raibh siad réidh chun é a mharú. Ach nuair a tháinig an traein, seachas é a chaitheamh, thugadar greasáil dó lena gcuid gunnaí. Bhí sé ar an traein sular tháinig sé chuige féin arís.

Bhí aithne ag Ó Tuama ar Mhícheál Ó Coileáin, agus deir sé go bhfuil litreacha aige sa bhaile uaidh. Ina chomhfhreagras, chuir Ó Tuama a mhíshástacht faoi bheith ag obair do chomhlacht árachais Sasanach in iúl don Choileánach. Scríobh Ó Coileáin ar ais chuige, ag tabhairt le fios go bpléifidís an cás sa Dáil agus go raibh rún aige athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí árachais sa tír. Idir an dá linn mhol sé do Ó Tuama leanúint ar aghaidh leis an obair.
Léiritheoir
Feiritéar, Breandán
Aoi
Ó Tuama, Aodh
Dáta
11-11-1974
Tréimhsí Ama
14/12/1918: Olltoghchán 1918
1919-1921: Cogadh na Saoirse
20/03/1920: Bás Thomáis Mhic Curtáin
25/10/1920: Bás Thraolaigh Mhic Suibhne
22/08/1922: Maraíodh Mícheál Ó Coileáin
Raon Tíreolaíochta
Cathair Chorcaigh
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí
Móta Ghráinne Óig, An Iarmhí
Contae
Contae Chorcaí
Ábhar na Míre
An Ghaeilge
Sinn Féin
Traolach Mac Suibhne
Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh
Mícheál Ó Coileáin
J.J. Walsh
Liam de Róiste
Athbheochan na teanga
Conradh na Gaeilge
Aitheantóir
24404
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim
Site pages
Na Cuimhní Cinn