-
Teideal
-
Proinsias Mac an Bheatha ag trácht ar Nora Connolly-O’Brien (23/06/1981)
-
Achoimre
-
Nora Connolly-O’Brien ar Wikipedia Proinsias Mac an Bheatha ar ainm.ie
-
Cur Síos
-
San eagrán seo den tsraith chlár Tráthnóna Inniu déanann an t-údar, Proinsias Mac an Bheatha, cur síos ar Nora Connolly-O’Brien, iníon le Séamas Ó Conghaile, a bhásaigh seachtain sular craoladh an mhír fuaime seo. Scríobh Mac an Bheatha Tart na Córa (1962), i measc saothar eile, faoi shaol agus faoi shaothar Shéamais Uí Chonghaile. Scríobh Nora Connolly-O’Brien an leabhar Portrait of a Rebel Father faoina hathair i 1935. Deir Mac an Bheatha go raibh ról lárnach ag a iníon i saol Uí Chonghaile, agus go raibh ról aici ag craobhscaoileadh a chuid fealsúnachta tar éis a bháis. Bhí sí mar idirghabhálaí idir an ceanncheathrú i mBaile átha Cliath agus fórsaí na poblachta i dtuaisceart na hÉireann le linn an Éirí Amach. Bhí sí san ospidéal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath lena hathair cúpla uair an chloig sular cuireadh chun báis é i bpríosún Chill Mhaighneann.
Maidir le Séamas Ó Conghaile é féin, deirtear gur beag eos atá againn faoi, agus luann Mac an Bheatha go raibh go leor cáipéisí stairiúla ag Liam Ó Briain [William X. O’Brien] a bhí mar rúnaí ar Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (ITGWU), agus nár thug sé cead iad a scrúdú fad is a mhair sé. Fiafraíonn Mac an Bheatha cén meas a bheadh ag Ó Conghaile ar chúrsaí in Éirinn sa lá atá inniu ann, agus maíonn sé nach mbeadh sé sásta faoin gcríochdheighilt, ná faoi staid shóisialach na tíre.
-
Léiritheoir
-
Ó Conghaile, Seán
-
Aoi
-
Mac an Bheatha, Proinsias
-
Dáta
-
23-06-1981
-
Tréimhsí Ama
-
1916: Éirí Amach na Cásca
-
12/05/1916: Bás Shéamais Uí Conghaile
-
1935: Foilsíodh Portrait of a Rebel Father
-
17/06/1981: Bás Nora Connolly-O’Brien
-
Raon Tíreolaíochta
-
Caisleán Áth Cliath, Baile Átha Cliath
-
Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath
-
Ábhar na Míre
-
Nora Connolly-O’Brien
-
Séamas Ó Conghaile
-
Éirí Amach na Cásca
-
Aitheantóir
-
27017
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim