-
Teideal
-
Neans Uí Shúilleabháin ag trácht ar a hathair, Pádraig Ó Loinsigh (18/08/2003)
-
Achoimre
-
An leabhar Tragedies of Kerry i gColáiste na Tríonóide Dorothy McCardle ar Wikipedia Dorothy McCardle ar suíomh History Ireland
-
Cur Síos
-
Labhraíonn Neans Uí Shúilleabháin, ón nGleann i gCiarraí Theas ó dhúchas, le Máire Ní Chéilleachair. Tá Neans pósta ar Oileán Dhairbhre agus tá a saol caite aici ag múineadh ann. Bhí a máthair i gceannas ar Chumann na mBan sa cheantar, agus feirmeoir ba ea a hathair. Maraíodh é sa Chogadh Cathartha i 1922 nuair nach raibh ach ina leanbh óg bliain d’aois.
Bhí a hathair, Pádraig Ó Loinsigh, sna hÓglaigh, agus chuaigh sé le taobh de Valera nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha. Bhí saighdiúirí an tSaorstáit sa tóir air, agus cé gur éalaigh sé uathu uair amháin nuair a tháinig siad chuig an teach i Maoroisc, níor éirigh leis éalú uathu an dara huair. Scaoil siad leis sa teach an oíche sin agus maraíodh é. D’iarr máthair Neans ar na saighdiúirí fios a chur ar an sagart. Thosaíodar go léir ag magadh fúithi – ‘A priest for a dead man?’ a dúradar – seachas saighdiúir amháin, a thosaigh ag caoineadh. Tá cuntas faoin eachtra sa leabhar Tragedies of Kerry a scríobh Dorothy Macardle. Déantar trácht sa leabhar ar Neans, a bhí bliain d’aois, ag iarraidh a hathair a dhúiseacht, agus a chuid fola ag sileadh ar an urlár.
Blianta ina dhiaidh sin bhí deartháir céile le máthair Neans in ospidéal Chathair Saidhbhín. Nuair a thug sí cuairt air, bhreathnaigh sí ar an bhfear sa leaba in aice leis, agus d’aithin sí gur duine de na fir a mharaigh a fear céile a bhí ann. Bhí ionadh ar na daoine sa seomra nuair a labhair sí leis. Bhí aithne ag a máthair orthu siúd a mharaigh a fear céile, agus bhí Neans í féin mór le clann na bhfear sin. Dar léi, ní ar ghasúir na bhfear a bhí milleán. Ach dúirt sí lena clann féin gan aon bhaint a bheith acu leis an bpolaitíocht.
-
Léiritheoir
-
Ní Chéilleachair, Máire
-
Aoi
-
Uí Shúilleabháin, Neans
-
Dáta
-
18-08-2003
-
Tréimhsí Ama
-
1922-1923: An Cogadh Cathartha
-
30/11/1922: Maraíodh Pádraig Ó Loinsigh
-
Raon Tíreolaíochta
-
An Gleann, Co. ChiarraíOileán Dhairbhre, Co. Chiarraí
-
Maoroisc, Co. Chiarraí
-
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
-
Contae
-
Contae Chiarraí
-
Ábhar na Míre
-
An Cogadh Cathartha
-
Pádraig Ó Loinsigh
-
Arm an tSaorstáit
-
Dorothy Macardle
-
Aitheantóir
-
46887
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim