Cuairt ar Theileann (16/05/1977)

Item

Teideal
Cuairt ar Theileann (16/05/1977)
Achoimre
Tuairisc faoin uair ar ionsaigh an tIRA stáisiún Gharda an Chósta i dTeileann Stáisiún Gharda an Chósta, Teileann, ar shuíomh an National Inventory of Architectural Heritage
Cur Síos
Sa chlár seo, labhraíonn Mícheál Mac Giolla Easbuic le daoine as Teileann, Co. Dhún na nGall. Déanann Aodh Ó Beirn cur síos ar a shaol i dTeileann. Labhraíonn sé faoin iascaireacht sa cheantar agus na hathruithe atá tagtha air an tslí mhaireachtála sin le himeacht na mblianta. Luaitear freisin Stáisiún Gharda an Chósta sa cheantar. Is fothrach é [ag an am ar craoladh an clár]. Bhíodh gardaí cósta ann ag faire amach ar smuigléirí. Bhíodh na gardaí céanna ar thóir baill den IRA i rith Chogadh na Saoirse. D'ionsaigh an tIRA an stáisiún i 1920, agus dódh é i 1923.

Déanann Proinsias Ó Baoill [9:00] cur síos ar an rang tógála bád atá ar siúl i dTeileann faoi scáth an Choiste Gairmoideachais. Ina dhiaidh sin [12:13] labhraíonn Seán Mac Briartaigh (John Mhánais) faoina shaol féin ar an oileán. Chaith sé tréimhse freisin in Arm na Breataine.

Ag críoch an chláir [23:00], labhraíonn Mícheál Ó Gallchóir faoina shaol féin ag fás aníos ar Theileann. Déanann sé trácht ar an bhfliú mór a tháinig i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Is cuimhin le Ó Gallchóir siúl go dtí an siopa óna theach féin i lár an lae i mí na Nollag 1918. Lá breá a bhí ann, ach níor casadh oiread is duine air ar an mbealach go dtí an siopa nó ar a bhealach abhaile ach an oiread. Bhí muintir an bhaile uilig tinn mar gheall ar an bhfliú.
Léiritheoir
Ó Colla, Feardorcha
Aoi
Ó Beirne, Aodh
Ó Baoill, Prionsias
Mac Briartaigh, Seán
Ó Gallchóir, Mícheál
Dáta
1977-05-16
Tréimhsí Ama
12/06/1921 : D'ionsaigh an tIRA stáisiún Gharda an Chósta i dTeileann
1919-1921 : Cogadh na Saoirse
1918: An Fliú Mór
Raon Tíreolaíochta
Teileann, Co. Dhún na nGall
Fad na Míre
00:29
Contae
Contae Dhún na nGall
Ábhar na Míre
Teileann
An Fliú Mór
Cogadh na Saoirse
An tIRA
Garda an Chósta
Aitheantóir
64969
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim