Cúrsaí Spóirt in Irisí an Phléaráca

Tá cúrsaí spóirt, go háirithe na cluiche Gaelacha, go mór faoi chaibidil in Irisí an Phléaráca. Pléitear sna hailt éachtaí lúthchleasaithe agus laochra spóirt éagsúla, idir dhornálaíocht agus iománaíocht, pheil agus spóirt uisce. Dírítear go minic ar mhuintir na Gaeltachta a rinne gaisce ar fhoirne sinsearacha na Gaillimhe – ina measc Hugó Ó Ciardha as Carna agus Pádraic ’ac Coisteala as an Spidéal – agus orthu siúd a rinne gaisce go hidirnáisiúnta.

Cé gur chuir neart údar peann le pár chun na scéalta seo a insint, ní raibh aon duine níos díograisí ná Séamas Ó Cualáin, nó Séamus Mhicilín, as an Spidéal. I chuile eagrán d’iris bhliantúil an Phléaráca, ó foilsíodh an chéad cheann in 1991, bhí alt ann ag Séamas Ó Cualáin faoi chluichí móra peile agus iománaíochta ar fhreastail sé féin orthu. Tá beocht ar leith i scríbhneoireacht Uí Chualáin, agus ní féidir a shárú a fháil agus é ag déanamh cur síos, buille ar bhuille, ar mhórchluichí na linne.

Tá giotaí eolais agus staire i measc na n-alt seo freisin. Tugtar léargas ar an dá mhórchorn náisiúnta i spórt na nGael – Corn Mhic Uidhir agus Corn Mhic Cárthaigh – lena n-áirítear beathaisnéisí spéisiúla an dá laoch ar ainmníodh na cupáin sin in ómós dóibh.

Tá na hailt go léir a bhaineann leis an réimse seo tugtha le chéile sna naisc ar an leathanach seo.