Brabhsáil na Taispeántais (18 iomlán)

Stair Chonamara agus Árann in Irisí an Phléaráca

https://www.cartlann.ie/files/original/6e8522d0bc9b94457478665ef7b2c5a9.jpg

Tá stair áitiúil Chonamara agus Árann mar théama leanúnach in Irisí an Phléaráca. Clúdaítear tréimhsí ama chomh fada siar leis an Aois Neoiliteach in Árainn, chomh maith le himeachtaí níos déanaí, ar nós Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta sna 60idí agus na 70idí.

Dírítear ar rudaí ilchineálacha ar nós tiarnaí talún na bhForbacha, filí agus seanchaithe an 18ú haois, agus caithimh aimsire na ndaoine roimh bhunú an Stáit. Tá mórphearsaí stairiúla, ar nós Phádraig Mhic Phiarais, mar ábhar plé, agus tá lorg réimeas na Breataine, cosúil leis an Túr Martello i Ros an Mhíl, agus beairicí an RIC sa gceantar, faoi thrácht freisin.

Is díol spéise chomh maith iad na hailt sin faoin bpobal áitiúil agus mar a mhair siad ó lá go lá, agus ó shéasúr go séasúr. Clúdaítear nithe a bhain le gníomhaíochtaí laethúla an phobail – cúrsaí taistil, tráchtála agus fostaíochta - i mbealach spéisiúil agus oideachasúil. Taispeántar an lorg a d’fhág an modh maireachtála seo ar chultúr agus ar oidhreacht na Gaeltachta – na hiarmhairtí fisiciúla mar atá na céibheanna, na bóithríní agus na garrantaí, na hiarmhairtí cultúrtha ar nós an traidisiúin bádóireachta, agus an tionchar a bhí ag an teanga ar logainmneacha an cheantair.

Tá na hailt go léir a bhaineann leis an réimse seo tugtha le chéile sna naisc ar an leathanach seo.

Na Meáin Ghaeilge in Irisí an Phléaráca

https://www.cartlann.ie/files/original/c50ec009f402a1b34690ed5e2fe57f07.jpg

Foilsíodh an chéad iris de chuid an Phléaráca in 1991, nuair a bhí cúrsaí faoi na meáin Ghaeilge, go háirithe Teilifís don Ghaeltacht, go mór i mbéal an phobail. Is ábhar plé é seo a chlúdaítear go cuimsitheach in Irisí an Phléaráca, ón mbliain sin go dtí gur foilsíodh an Iris deiridh in 2014.

Dar ndóigh, tá stair agus bunú an dá mhórchraoltóir Gaeilge – RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 – go mór faoi chaibidil sna hIrisí. Téann Seosamh Ó Cuaig siar bóithrín na smaointe in 1991 agus é ag trácht ar Shaor-Raidió Chonamara agus an feachtas a bhí ann do raidió pobail do mhuintir na Gaeltachta. An bhliain dár gcionn, chruthaigh Pléaráca conspóid nach beag in eagarfhocal Iris an Phléaráca 1992, nuair a scríobhadh critique láidir faoi Raidió na Gaeltachta agus an freastal a bhíothas a dhéanamh ar an bpobal ag an am.

Tá an díospóireacht leanúnach idir an t-éileamh ar theilifís na Gaeilge agus ar theilifís na Gaeltachta le feiceáil freisin sna hailt seo, agus tá sé follasach nach róshásta a bhí roinnt de phobal na Gaeltachta faoi mholtaí an Choiste Bunaithe Teilifíse, a réitigh an bealach do Theilifís Náisiúnta na Gaeilge.

Tugtar léargas sna hailt seo, freisin, ar an mborradh a tháinig faoi chúrsaí scannánaíochta Gaeilge i gConamara, agus tá agallamh spéisiúil ann le Bob Quinn, a léirigh an chéad scannán Gaeilge sa tír. Tá na meáin chlóite mar ábhar anailíse freisin, agus tá aiste shuimiúil scríofa ag Éamon Ó Ciosáin faoin bpáipéar “An tÉireannach”, a d’imir tionchar nach beag ar phobal labhartha na Gaeilge idir 1934 agus 1937.

Tá na hailt go léir a bhaineann leis an réimse seo tugtha le chéile sna naisc ar an leathanach seo.

Cartlann an Phléaráca

Cruinníodh ualach mór d’ábhar cartlainne le linn na 24 bliain a reáchtáladh Féile an Phléaráca. Bronnadh an Chartlann seo ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2016 agus tá sé anois faoi chúram Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, in Ionad an Acadaimh i Roisín an Mainiach, Carna.  Tá os cionn 40 bosca d’ábhar luachmhar agus ilchineálach sa gcartlann. Tá cuid den ábhar seo digitithe anois agus fáil ag an bpobal air ag www.plearaca.ie.

Bhí páirt mhór ag na grianghrafadóirí Aodán Ó Conchúir agus Bob Quinn i bhFéilte an Phléaráca ó cuireadh tús leo. Ba mhinic leo grianghraif d’imeachtaí an Phléaráca a ghlacadh – idir dhrámaí, pharáidí, cheolchoirmeacha agus ócáidí eile - agus is cartlann ar leith atá sa mbailiúchán grianghraf seo. Is taifead suntasach iad an 300+ grianghraf ar ealaíontóirí Ghaeltacht Chonamara agus iad i mbun a gceirde, agus ar phobal na Gaeltachta agus iad i mbun siamsaíochta.

Is fochuid spéisiúil de chuid na cartlainne an bailiúchán póstaer a chruinnigh lucht eagraithe na Féile. Dearadh póstaeir do gach imeacht, agus tugann siad léargas ar shaibhreas agus ar ilchineálacht na n-imeachtaí, agus ar an scaipeadh suntasach tíreolaíochta a bhí ag gníomhaíochtaí éagsúla an Phléaráca. 

Tá cóipeanna d’Irisí an Phléaráca sa gcartlann, mar aon le bunleaganacha de na grianghraif agus de na hailt a foilsíodh sna hIrisí. Thar aon mhír eile sa gcartlann, is sna hIrisí atá an léargas is fearr le fáil ar dhoimhneacht, ar shaibhreas agus ar thábhacht na Féile do Ghaeltacht Chonamara.

Rinneadh taifead de go leor de na himeachtaí a reáchtáil Pléaráca Teo. agus tá lear mór téipeanna fuaime agus fístéipeanna sa gCartlann. Tá na mílte grianghraf de na turais allamuigh, na taispeántais ealaíona, na ceardlanna agus na drámaí le fáil sa gCartlann chomh maith. Is stór luachmhar iad na grianghraif seo de phearsanra an Phléaráca, agus de phearsanra na Gaeltachta, agus iad i mbun oibre.

páipéarachas riaracháin agus corparáideach Phléaráca Teo. mar chuid den chartlann seo, lena n-áirítear cuntais agus socruithe airgeadais na heagraíochta, iarratais ar mhaoiniú, comhfhreagras le scairshealbhóirí agus soláthróirí éagsúla, agus páipéarachas eile.

Séanadh agus Cóipcheart

Mura bhfuil sé luaite i gcur síos na míre, fanann cóipcheart an ábhair le Pléaráca Teo, agus le húdair an ábhair, mas ann dó.

Ní gá gur ionann tuairimí atá nochta ar an suíomh seo, ná san ábhar atá ar an suíomh, agus tuairimí Phléaráca Teo., ná tuairimí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Rinne muid iarracht fanacht dílis do théacs na nIrisí mar a foilsíodh é – go háirithe mar a bhaineann sé le cúrsaí canúna agus cleachtais áitiúla – agus muid ag réiteach agus ag crochadh ábhar don suíomh seo. Ceartaíodh aon bhotún cló a tháinig chun solais san ábhar foilsithe, ach má thugtar faoi deara aon bhotún eile, déan teagmháil le húdair an tsuímh agus ceartófar iad.

Buíochas

Tá muid buíoch de gach duine a chuidigh linn an tionscadal seo a chur i gcrích. Áirítear anseo Coiste Fhéile an Phléaráca, foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, maoinitheoirí go léir an Phléaráca, agus chuile dhuine a chuidigh leis na hIrisí a scríobh, na grianghraif a ghlacadh, taifid a dhéanamh ar na himeachtaí, agus go deimhin na himeachtaí go léir a reáchtáil.

Glórtha na Réabhlóide

29626149953_8631bed73a_b.jpg Tá saibhreas staire, sóisialta agus cultúir cruinnithe i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Mar chuid de chlár comórtha Éirí Amach 1916, rinneadh scagadh ar mhíreanna fuaime ón gcartlann ina bpléitear eachtraí móra na tréimhse 1913-1923 agus cuireadh i láthair phobal na Gaeilge arís iad. Tá cláir faisnéise, agallaimh agus léachtaí sna míreanna seo. Chun cabhrú leat dul i ngleic le hábhar an tsuímh, tá na roghanna seo ar fáil duit:

  • Is féidir cuardach a dhéanamh sa bhosca cuardaigh thuas.
  • taispeántais choimeádaithe ar fáil.
  • Tá na cuimhní cinn, na heachtraí agus na hócáidí éagsúla a luaitear sna míreanna anótáilte ar mhapaí.
  • amlínte thuas, san ord ar tharla na heachtraí stairiúla, agus san ord ar craoladh na míreanna.

Cartlann Sheáin Mhic Giollarnáth

https://www.cartlann.ie/files/original/3cb648f057044d8e9fe7784341c620af.jpg

Taispeántas coimeádaithe é Saol agus Saothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth ar Sheán Mac Giollarnáth (1880-1970), an bailitheoir iomráiteach béaloidis. Tarraingíonn an taispeántas ar an tobar domhain d’íomhánna, de théacs agus d’ábhar fuaime faoi Sheán Mac Giollarnáth atá ar an suíomh seo.

Breitheamh cúirt dúiche, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis ab ea Seán Mac Giollarnáth. Sa bhliain 1925 ceapadh é ina bhreitheamh Cúirt Dúiche i gConamara, agus d’fhan sé sa bpost sin ar feadh 25 bliain. Le linn an ama seo thug a chuid oibre an deis dó bualadh le cuid de na seanchaithe ba mhó le rá i gConamara agus a gcuid scéalta a bhailiú uathu. Thaifead sé léar suntasach d’ábhar béaloidis, i sraith lámhscríbhinní, mar aon le nótaí agus míniúcháin. Tugtar sonraí sna lámhscríbhinní seo, a bhfuil dátaí idir 1929-1940 orthu, ní hamháin ar na scéalta, na paidreacha, na foclóirí agus na seanfhocail a bhailigh Mac Giollarnáth sa gceantar, ach thairis sin tugtar léargas iontu ar an gcaidreamh a bhí aige leo siúd a chuidigh leis an t-ábhar seo a chruinniú.

Bronnadh na lámhscríbhinní ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá siad anois in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna, Co. na Gaillimhe. Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní agus rinneadh digitiú orthu agus tá an bailiúchán seo mar bhunchloch anois dár dtaispeántas Saol agus Saothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth cuid mhór den ábhar béaloidis i dtéacsanna ar nós Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936), Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941) agus Peadar Chois Fhairrge (1944) agus mar ailt in irisí ar nós Béaloideas. Fuair roinnt de na scéalta seo ardán nua mar shleachta léite a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. I measc na dtaifead seo áirítear sleachta as Annála Beaga ó Iorrus Aithneach á léamh ag Liam Mac Con Iomaire agus Tír na nDall, aistriúchán de The Country of the Blind (1904) le H.G. Wells á léamh ag Peadar Lamb.

Chun níos mó a léamh, a fheiceáil agus a chloisteáil faoi Sheán Mac Giollarnáth, lean na naisc ar an leathanach seo.

Grianghraif Aodáin Uí Chonchúir

https://www.cartlann.ie/files/original/e4e761ea4febfd381641ad5a8fefe198.jpg
Bhí páirt mhór ag an ngrianghrafadóir Aodán Ó Conchúir i bhFéilte an Phléaráca ó cuireadh tús leo. Ba mhinic leis grianghraif d’imeachtaí an Phléaráca a ghlacadh – idir dhrámaí, pharáidí, cheolchoirmeacha agus ócáidí eile - agus is cartlann ar leith atá sa mbailiúchán grianghraf seo. Is taifead suntasach iad an grianghraif seo ar ealaíontóirí Ghaeltacht Chonamara agus iad i mbun a gceirde, agus ar phobal na Gaeltachta agus iad i mbun siamsaíochta.

An Pobal agus na Réabhlóidithe (1916-1923)

Ba léir go raibh dearcthaí difriúla faoin náisiúnachas ag aicmí éagsúla na tíre sa tréimhse tar éis Éirí Amach na Cásca. Cheap Sighle Humphreys, an réabhlóidí poblachtánach i mBaile Átha Cliath, go raibh na bochtáin ar a taobh ach nach raibh sé seo amhlaidh fúthu siúd a raibh maoin acu. Dar léi, bhí tacaíocht an-teoranta don phoblachtachas agus don náisiúnachas radacach i measc na ndaoine a bhí go maith as. Deir sí nach raibh ach clann amháin eile le smaointe radacacha sa mheánscoil air a raibh sí ag freastal i mBaile Átha Cliath. Is óna haintín agus ón Éirí Amach agus an toradh a bhí air a fuair Sighle Humphries a claonadh polaitíochta. Chuaigh polaitíocht a huncail féin i bhfeidhm ar Neans Uí Shuibhne, as Cill na Martra, Co. Chorcaí, freisin. Cé go raibh deighiltí aicmeacha faoin réabhlóid le feiceáil i mBaile Átha Cliath, bhí go leor tacaíochta ag na hÓglaigh in iarthar agus in iardheisceart na tíre..(ar lean)

Taispeántas Biseach

https://www.cartlann.ie/files/original/958e65d02bf077a162dc65b4765690c5.png

Rinneadh digitiú agus coimeádaíocht ar na hirisí go léir a d’fhoilsigh Cumann Forbartha Chois Fharraige ó 1968 ar aghaidh. Tá an t-ábhar go léir curtha i láthair i mbealaí éagsúla sa taispeántas seo. Tá gach leagan leictreonach de gach iris curtha ar amlíne ó 1968 go 2019. Tá na hirisí leagtha amach ionas gur féidir na hailt éagsúla iontu a chuardach agus a ionramháil. Tugtar léargas freisin ar scaipeadh tíreolaíoch an ábhair. Rinneadh na hailt siúd ina bhfuil tagairtí tíreolaíochta a bhaineann le ceantar Chois Fharraige iontu – logainmneacha, bailte agus paróistí, agus an stair áitiúil – a leabú ar léarscáil de cheantar Chois Fharraige. Tá an t-eolas go léir le fáil sna naisc seo: