An Bhrídeog

Máirín Uí Chonghaile

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2009. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá an tradisiún seo ar an oileán leis na cianta. Is oíche speisialta í oíche na Féile Bríde do na cailíní bunscoile. Déantar an bhrídeog as dornán tuí. Cuirtear maide slat choill trasna sa dornán mar lámha. Cuirtear éadach bán ar a ceann, gúna agus maisítear í le ríbiní ioldaite agus bróistí. Cuirtear súile, srón agus béal uirthi agus ar ar ndóigh an sparán leis an airgead a chur ann. Is tar éis na scoile a théann na cailíní thart ó theach go teach, beirt le gach brídeog agus deir siad an phaidir in onóir Naomh Bríd agus is beannacht í seo do chuile theach ar an oileán ar an oíche seo.

Crios Bhríde mo chrios
Muire is a Mac, Bríd is a brat
Más fearr atá sibh anocht
Go mba seacht fearr a bheidh sibh bliain ó anocht.

Tá na paidreacha seo in onóir do Naomh Bríd agus fuair mé fhéin iad ó mo mháthair.

A Bhríd, a Mhuire na nGael
Scar orainn do bhrat,
A Bhríd, a chroí na féile
Stiúraigh sinn ar an mbóthar ceart
A Bhríd a mhaighdean gheal chóir
Cuidigh linn roimh Dhia na glóir
ln mo shuí dhom, im luí dhom san oíche nó sa ló.
Go mbeidh mé leatsa choiche is go deo.
A Bhríd, a Mhuire na nGael
Leathnaigh orm do bhrat,
Is coinnigh faoi do thearmann mé
Go bhfaighe mé bás gcairdeas Dé.
https://www.cartlann.ie/files/original/a0d5a9ba604763d687e4a86d8834a590.jpg

Umaí do Naomh Bhríd

A Bhríd dhílis Naofa
Réalt Lonrach na naofachta
Nuair ba neartmhuire creideamh Gael
Agus nuair ba mhó grá ar Dhia na huilechumhachta
Nar thréig muid ariamh
Is agatsa a chuirimid ár nguidhe anois
Le díogras agus le dóchas
Mar thug tusa cúl le saibhreas, le pléisiúir agus le grá an tsaoil seo.
Faigh grásta dhúinn Ríocht Dé agus
An fhíréantacht a chuartú thar aon rud eile
Agus muinín a bheith againn i gcónaí as a riar aithriúil.
As ucht na déirce a rinne tú ar feadh do shaoil
Ar na daoine bochta, ar na daoine tinne agus ar gach
Duine a bhíodh ag lorg Solais agus sólás.
Fáigh dúinne go ndéanfaidh muid ár ndícheall i nghuidhe Dé i rith ár saoil,
Agus go mbeidh muid ag tnúth, mar bhí tusa le beatha
Na Glóire i láthair Dé, Ar feadh na síoraíochta.
As ucht na síochána naofa a bhí agat ar leabha do bháis
Faigh maithiúnas iomlán, ár bpeacaí agus suimhneas aigne
Dúinne le dhul i láthair an Tiarna ina bhfuil an ceart agus an mhórthrócaire. Áiméan