Taispeántais ó Ghlórtha na Réabhlóide

An Comhthéacs Stairiúil

Tugann na míreanna fuaime ar an suíomh seo léargas dúinn ar a ndearcadh siúd a chonaic, a ghlac páirt, agus a rinne staidéar ar na heachtraí stairiúla sin sa tréimhse díreach roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit. Déantar iarracht, sna naisc ar dheis, comhthéacs stairiúil an ama a thabhairt ar bhealach gonta agus oibiachtúil. Déantar seo chun cúnamh a thabhairt don éisteoir, más gá, an mhír fuaime atá faoi chaibidil a leabú sa chomhthéacs stairiúil cuí.

Na Cuimhní Cinn

Thosaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh i 1972, agus ó shin ar aghaidh craoladh cuimhní cinn na ndaoine a chonaic agus a ghlac páirt sna heachtraí stairiúla sa tréimhse díreach roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit. Rinneadh go leor de na hagallaimh seo sna 1970í agus sna 1980í. Is foinsí príomha, tábhachtacha staire iad na hagallaimh seo. Tugann siad léargas, freisin, ar an tionchar pearsanta a bhí ag an tréimhse seo orthu féin agus ar a muintir. Tá na hagallaimh bailithe le chéile sa taispeántas seo. Tá na míreanna fuaime ó na hagallaimh, in éineacht le hachoimre ghearr, ar dheis.

Staraithe sa Chartlann

Chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta go leor clár inar déanadh iarracht comhthéacs grinn faoin tréimhse 1913-1923 i stair na hÉireann a léiriú don phobal éisteachta. Is iomaí saineolaí agus staraí a roinn a gcuid eolais ar na cláir faisnéise agus na míreanna nuachta seo. Sa taispeántas seo, rinneadh na míreanna fuaime seo a rangú de réir na haíonna éagsúla a ghlac páirt iontu. Tá na naisc ar dheis.