Réamhrá

Ó na seachtóidí ar aghaidh chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta saothar Mhic Giollarnáth i láthair do phobal úr i réimse clár faoina shaol agus a shaothar. Chuir muid na cláir seo i dtoll a chéile don suíomh seo.

Craoladh agallamh le Dónal Ó Colchúin ar Leatsa Leagan i 1993 ina ndearna sé trácht ar shaol Sheáin Mhic Giollarnáth. 

Craoladh Annála Beaga ó Iorrus Aithneach idir 1986 agus 1987. Sa tsraith seo de 35 chlár, léann Liam Mac Con Iomaire sleachta as Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941) ceann de na leabhair ba chlúití a d’fhoilsigh Mac Giollarnáth. I measc na scéalta atá sa gcéad chlár tá Na Fir Beannaithe agus na hOileáin, Naomh Pádraig agus Mam Éan agus Naomh Pádhraic agus Crom Dubh a bailíodh ó Phádhraic Mac Con Iomaire agus Brighid a bailíodh ó Mhícheál Mac Donnchadha (Micilín). 

I mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair, 1986, mar chuid den tsraith Bí Liom Seal Eile, léigh Peadar Lamb Tír na nDall - The Country of the Blind (1904) - an gearrscéal le H.G. Wells a d'aistrigh Seán Mac Giollarnáth go Gaeilge.

I 1976 déanann Trian le Scéalaíocht trácht ar na scéalta a d’inis Micilín (Mícheál Mac Donnchadha) do Sheán Mac Giollarnáth. Foilsíodh roinnt de na scéalta seo in Loinnir Mac Leabhar agus sgéalta gaisgidh eile (1936). Sa gcéad chlár léann Stiofán Ó Cualáin An tÉan Órga.

Tá naisc chuig na míreanna fuaime go léir ar an leathanach seo.