Brabhsáil Míreanna (88 iomlán)

  • Foinse is exactly "Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta"

Proinsias Mac an Bheatha ag trácht ar Nora Connolly-O’Brien (23/06/1981)

San eagrán seo den tsraith chlár Tráthnóna Inniu déanann an t-údar, Proinsias Mac an Bheatha, cur síos ar Nora Connolly-O’Brien, iníon le Séamas Ó Conghaile, a…

Clár faoi Éamon de Valera (02/10/1982)

Is clár faoi Éamon de Valera é seo, curtha i láthair ag Proinsias Ó Conluain. Úsáidtear míreanna fuaime éagsúla ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ina bhfuil…

Léacht Sheosaimh Uí Chuaig faoi Cholm Ó Gaora (29/05/1976)

Tugann Seosamh Ó Cuaig léacht faoin Óglach Colm Ó Gaora, as Ros Muc, le linn Éigse Ros Muc. Scríobh an Gaorach an leabhar Mise, a foilsíodh i 1943, faoina shaol mar bhall de na hÓglaigh le linn…

Luíochán Scríbe ón Leabhar Mise (29/05/1985)

Ag tús na míre tá Bob Quinn ag léamh sleachta ón gCuradh Connachtach ón 9 Aibreán, 1921. Is tuairisc é ar an méid a thit amach tar éis luíocháin i Scríb.…

Agallamh le Seosamh Breathnach (13/11/1985)

San eagrán seo den tsraith chlár Seo Mar a Bhí cuireann Seosamh Ó Cuaig agallamh ar Sheosamh Breathnach (Josie Johnny Walsh), as Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe. Déanann Breathnach trácht ar an…

T.P. Ó Néill ag trácht ar Dhialanna Mhic Easmainn (29/03/1994)

Go gairid sular craoladh an mhír seo cuireadh dialanna Ruairí Mhic Easmainn ar taispeáint den chéad uair in Oifig na dTaifead Poiblí i Londain. Labhraíonn Seán Ó Cuirreáin le T.P.…

Litir an Easpaig chuig an nGinearál (17/05/2002)

Déanann Pádraig Ó Cuanacháin (1932-2008), scríbhneoir agus staraí as Corcaigh, cur síos ar Thomás Ó Duibhir, Easpag Luimnigh, a scríobh litir cháiliúil chuig an…

Máirtín Ó Fátharta ag trácht ar Cholm Ó Gaora #1 (15/09/1973)

Tugann Máirtín Ó Fátharta tuairisc ghearr ar shaol Choilm Uí Ghaora (1887-1954) as Ros Muc, bunaithe ar an leabhar Mise a scríobh an Gaorach. Foilsíodh é i 1943. Is leabhar é faoina shaol…

Léacht Uí Thuathaigh ag Oireachtas 1976 (02/09/1976)

Tugann Gearóid Ó Tuathaigh, staraí, léacht faoi Éirí Amach na Cásca ag Oireachtais 1976. Déanann sé comparáid idir comóradh an leathchéid, i 1966, agus an…

Litir an Phiarsaigh (25/05/2005)

San eagrán seo den tsraith Cúrsaí an Lae labhraíonn an Dr Mary Harris faoin litir a scríobh Pádraig Mac Piarais i bPríosún Chnoc an Arbhair ar an 30ú lá de Aibreán 1916 agus…