Pátrún Cholm Cille
Dublin Core
Teideal
Pátrún Cholm Cille
            Ábhar
Cultúr
            Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Déantar ceiliúradh go fóill i gceantar na Tulaí ar Lá Cholm Cille, nó Lá an Phatrúin mar a tugadh riamh air, ar an 9ú lá de Mheitheamh. Sna blianta siar bhíodh gasúir na háite, idir sean agus óg ag tnúthán leis an lá mór seo mar gheall ar an aonach spraoi a thagadh chuig an áit le haghaidh na hócáide, agus bhíodh an-fháilte go speisialta roimh na mbád luasctha, nó na swinging-boats, dá dtagaidís, gan trácht ar na milseáin agus na rudaí deasa eile nach mbíodh aon fháil go fairsing orthu sna blianta sin. Bhíodh comórtais eile ar siúl chomh maith agus is díol suntais ann fhéin an fearas a feistíodh thíos le cladach ag Reilig Mhaírois, agus atá ina sheasamh ansin go fóill go deimhin, le deis traenála a thabhairt d’fhoirne tarraint téide. 
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
Coiste Eagarthóireachta Biseach
            Foinse
Bailiúchán Biseach
            Dáta
2009
            Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
BI2009A21
            Tagairt
Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Pátrún Cholm Cille,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 4 Samhain 2025, https://cartlann.ie/items/show/2258.