An Connacht Tribune 1918
Dublin Core
Title
An Connacht Tribune 1918
Subject
Stair
Description
Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ach an oiread le gach áit ar domhan eile tháinig an Fliú chomh fada le Conamara i bhfómhar na bliana 1918. Cé go dtugtar an ‘Fliú Spáinneach’ air, ceaptar gur i Meiriceá a thosaigh sé agus gur leathnaigh sé go dtí an Eoraip le saighdiúirí ag tíocht ó Mheiriceá ag troid taobh leis an mBreatain in aghaidh na Gearmáine, le linn an Chogaidh Mhóir. Leathnaigh sé sna hospidéil míleata agus thug saighdiúirí an víreas abhaile leo ag filleadh ón gcogadh. Ceaptar gur cailleadh thart ar 50 milliún duine leis an bhfliú, nó 5% de dhaonra an domhain ag an am. An rud ab aistí faoin bhfliú in 1918, gur mharaigh sé níos mó daoine a bhí i mbarr a sláinte ná mar a mharaigh sé seandaoine.
Creator
Donncha Ó hEallaithe
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2018
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2018A22
Tagairt
Donncha Ó hEallaithe, “An Connacht Tribune 1918,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://cartlann.ie/items/show/2405.